Agus má fhónann dom féin dul ann chomh maith, beidh siadsan le mo chois.
I láthair na huaire, áfach, táim ag dul go Iarúsailéim le cabhair do na naoimh.
Ansin ar theacht dom, cibé daoine dá dtabharfaidh sibh litreacha creidiúnais dóibh, cuirfidh mé go Iarúsailéim iad le bhur ndeontas.
Tar éis dom gabháil tríd an Macadóin tiocfaidh mé chugaibh ar cuairt - mar is é bealach na Macadóine a ghabhfaidh mé -
Agus ní amháin sin, ach is é atá tofa ag na heaglaisí ina chompánach aistir agamsa sa bheartas carthanachta seo atá idir lámha againn ar son glóire an Tiarna agus d'fhonn ár ndíograis a thaispeáint.
d'impigh siad orainn go bog agus go crua ligean dóibh bheith páirteach sa ghar seo atá á dhéanamh do na naoimh.