Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 16:12

An Bíobla Naofa 1981

Maidir lenár mbráthair Apollós, rinne mé tathant air go dian dul ag triall oraibh in éineacht leis na bráithre eile, ach níl fonn dá laghad air dul ann faoi láthair. Tiocfaidh sé, áfach, nuair a bheidh an deis aige.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Tá a ionú féin ag gach uile ní agus tá a thráth ann don uile ghnó faoin spéir:

Agus tháinig uair na faille nuair a thug Héaród fleá, i gcuimhne lae a bhreithe, do lucht a chúirte agus d'oifigigh agus do chinn phobail na Gailíle;

(Bheartaigh Síleas fanacht ansiúd, ach d'imigh Iúdás leis féin.)

Tháinig go hEifeasas Giúdach darbh ainm Apollós. Alastraíneach ba ea é ó dhúchas, é dea-labhartha agus sároilte ar na scrioptúir.

Le linn d'Apollós bheith i gCorant, bhí Pól ag taisteal trí na críocha intíre nó gur tháinig sé go hEifeasas. Fuair sé roinnt deisceabal ansiúd roimhe

Ach nuair a thosaigh Pól ag trácht ar an bhfíréantacht agus ar an ngeanmnaíocht agus ar an mbreithiúnas atá le teacht, bhuail scanradh Féilix agus dúirt sé: “Imigh leat don dul seo, nuair a bheidh caoi agam, cuirfidh mé fios arís ort.”

Is é atá i gceist agam go mbíonn gach duine agaibh á rá: “leanaimse Pól,” nó “leanaimse Apollós,” nó “leanaimse Céafas,” nó “leanaimse Críost.”

Pól agus Apollós agus Céafas, an domhan, an bheatha agus an bás, a bhfuil ann agus a bhfuil le teacht - is libhse iad uile,

Céard é Apollós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air:

Tabhair do d'aire go gcuirfear Zaenas dlíodóir agus Apollós chun siúil agus nach mbeidh aon ní in easnamh orthu.

Ach nuair a nochtadh cineáltas Dé, ár slánaitheoir, agus a ghrá don chine daonna, shaor sé sinn.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí