Tháinig an captaen chuige agus lig sé béic air: “Hóigh! An i do chodladh atá tú! Éirigh aniar agus glaoigh ar do dhia! B'fhéidir go gcuimhneoidh an dia seo agatsa orainne agus nach gcaillfear sinn.”
Fuair Íosa ina dhiaidh sin é sa Teampall agus dúirt leis: “Féach, tá tú leigheasta. Ná déan peaca feasta le heagla go mbainfeadh rud éigin níos measa duit.”
Agus de bhrí go dtuigeann sibh an uair atá ann, is mithid daoibh dúiseacht as bhur gcodladh, mar is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar leis an gcreideamh.
Ní hé gach aon duine a bhfuil an tuiscint seo aige áfach. Tá daoine áirithe ann agus oiread [taithí] acu ar na híola go dtí seo, go gcaitheann siad an bia faoi mar go mbeadh sé íobartha don íol dáiríre agus toisc a gcoinsias a bheith lag fágtar smál dá réir air.