Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 14:6

An Bíobla Naofa 1981

Cuirim i gcás, a bhráithre, go dtagaimse chugaibh ag labhairt i dteangacha, cén tairbhe daoibh mé mura mbíonn foilsiú éigin nó eolas nó tairngreacht nó teagasc éigin agam le tabhairt daoibh?

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

Bím á iarraidh ar Dhia ár dTiarna Íosa Críost, ar Athair na Glóire, spiorad na heagna agus na géarchúise a thabhairt daoibh chun go gcuirfeadh sibh aithne air.

Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhreagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta

Bhí sibh tráth ag seirbhís don pheaca, ach a bhuí le Dia, ghéill sibh ó chroí do riail an teagaisc ar cuireadh sibh faoina threoir,

Saothraígí an grá mar sin ach bíodh dúil agaibh sna tíolacthaí spioradálta chomh maith agus go mór mór san fháidheoireacht.

Gach duine a leanann leis ar aghaidh agus nach gcloíonn le teagasc Chríost ní shealbhaíonn Dia. An té a chloíonn leis an teagasc sealbhaíonn sé sin an tAthair agus an Mac.

Ach ina ionad sin, leanaigí ar aghaidh ag bisiú i ngrásta agus in eolas ár dTiarna agus ar Slánaitheora Íosa Críost. Glóir dósan anois agus go lá na síoraíochta. Amen.

Uime sin déanaigí bhur lándícheall an tsuáilce a chur mar bhreis le bhur gcreideamh, agus an eagna le bhur suáilce,

Ná cuirtear ar seachrán sibh le gach saghas teagaisc strainséartha. Is fearr an croí a neartú le grásta [Dé] ná le cúrsaí bia nach ndeachaigh chun sochair do na daoine a bhíodh ag plé leo.

Is barántúil an ráiteas é sin, agus ba mhaith liom go gcuirfeása teannadh leis an méid sin, i dtreo, an mhuintir a chreideann i nDia, go gcaithfidís a ndúthracht le dea-oibreacha. Is maith iad na dea-oibreacha iontu féin agus is tairbheach iad do dhaoine.

an briathar a fhógairt ar do dhícheall i dtráth agus in antráth. Bí ag áiteamh, ag casaoid, ag spreagadh agus ag teagasc go foighneach gan stad.

I dtaca leatsa de, tá eolas maith curtha agat ar mo theagascsa, ar mo bhéasa, agus ar mo chuspóirí. Tá eolas curtha agat ar mo chreideamh, ar m'fhoighne, agus ar mo ghrá.

Cuir an méid sin i gcuimhne don phobal agus tabhair foláireamh dóibh i bhfianaise Dé gan bheith ag iomarbhá le chéile mar nach mbíonn dá thairbhe ach an lucht éisteachta a chur ar mhíthreoir.

An méid againn atá tagtha in inmhe fir, bíodh an dearcadh sin againn. Ach má tá a mhalairt de dhearcadh agaibhse faoi rud ar bith, cuirfidh Dia ar an eolas sibh faoi sin freisin.

agus má léann sibh é féadfaidh sibh mo léargas-sa ar rúndiamhair Chríost a thuiscint.

Agus le heagla go gcuirfeadh na foilsithe iontacha sin an iomarca éirí in airde orm, cuireadh bior sa bheo ionam, teachtaire ó Shátan chun mé a ghreadadh ar shlí nach dtiocfadh aon éirí in airde orm.

Sea, is éigean dom maíomh a dhéanamh, cé nach aon tairbhe dom é, agus tráchtfaidh mé anois ar aislingí agus ar fhoilsithe an Tiarna.

Más tuata féin ar urlabhra mé, ní aon tuata mé ar eolas, rud atá léirithe agam i ngach slí daoibh riamh anall.

Achainím oraibh, a bhráithre, súil a choimeád orthu sin a adhnann achrainn agus a dhéanann deacrachtaí in éadan an teagaisc a múineadh daoibh. Seachnaígí iad,

I dtaca libhse, a bhráithre liom, táim féin cinnte go bhfuil sibh lán de dhea-chroí agus go bhfuil fuílleach eolais den uile shórt agaibh agus gur féidir libh comhairle a thabhairt dá chéile.

Agus chloígh siad go daingean le teagasc na n‑aspal, le comaoin ar a chéile, le briseadh an aráin agus leis na hurnaithe.

Óir cá fearrde duine go ngnóthódh sé an domhan go léir dá ligfeadh sé a anam féin ar ceal? Nó cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?

D'fhreagair Íosa agus dúirt sé leis: “Is méanar duit, a Shíomóin Bar Ióna, óir ní fuil agus feoil a d'fhoilsigh duit é ach m'Athair atá ar neamh.

San am sin labhair Íosa agus dúirt: “Tugaim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar a cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad.

Táimse in aghaidh na bhfáithe a dhéanann tairngreachtaí as brionglóidí bréagacha - an Tiarna a labhraíonn - a insíonn iad, agus a thugann ar mo phobal seachránú lena mbréaga agus lena gcur i gcéill. Ní mise go cinnte a chuir uaim iad ná a thug aon ordú dóibh, agus ní aon tairbhe don phobal seo iad - an Tiarna a labhraíonn.

Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: “Níor ghabh ár n‑aithreacha d'oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.

Ná casaigí i leataobh ar thóir íol baoth nach féidir dóibh cabhair ná fuascailt a thabhairt mar gur baoth iad.

Na huirlisí ceoil féin, nithe neamhbheo ar nós na feadóige agus na cruite, mura mbíonn dealú idir na nótaí iontu, conas a aithneofar a mbeidh á sheinm orthu?




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí