Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 13:12

An Bíobla Naofa 1981

Faoi láthair ní fheicimid ach mar a bheadh scáil go doiléir i scáthán ach ar ball gheobhaimid radharc aghaidh ar aghaidh air. Níl ach breaceolas agam faoi láthair ach beidh eolas iomlán agam ar ball, chomh hiomlán leis an eolas atá orm.

Féach an chaibidil Cóip

20 Tagairtí Cros  

Thug Iacób dá bhrí sin Panúéil ar an áit, “mar,” ar sé, “chonaic mé Dia gnúis le gnúis agus mairim beo.”

Dá bhfeicfinn é ar scaradh le mo chneas, Dá bhfaighinn radharc ar mo Dhia agus mé díchollaithe,

Is éachtach é Dia, agus sáraíonn sé ár n‑eolas; Níl áireamh ar líon a bhlianta.

Labhraíodh an Tiarna le Maois aghaidh ar aghaidh, mar a dhéanann fear le cara. Ansin d'fhilleadh Maois ar an gcampa, ach Iósua, mac Húr, a shearbhónta ógfhir, ní fhágadh sé an Bhoth.

“A mhic an duine, cuir tomhas amach, inis fáthscéal do mhuintir Iosrael.

Labhraím leis béal ar bhéal, Go soiléir gan tomhaiseanna, Agus feiceann sé cló an Tiarna. “Conas, más ea, go bhfuil sé de dhánaíocht ionaibh, monabhar a dhéanamh in aghaidh mo shearbhónta Maois?”

“Aire daoibh gan bheith neamhshuimiúil i nduine ar bith de na rudaí beaga seo, óir deirim libh, bíonn a n‑aingil ar neamh ag breathnú de shíor ar ghnúis m'Athar atá ar neamh.

“Is méanar dóibh seo atá glan ó chroí, óir feicfidh siad Dia.

faoi mar a aithníonn an tAthair mé, agus mar a aithnímse an tAthair. Agus tugaim mo bheatha ar son mo chaorach.

Measaim nach fiú le háireamh pianta na huaire seo le hais na glóire atá le foilsiú dúinn.

Fad a bhí mé i mo leanbh, bhí caint agus meon agus réasún an linbh agam, ach ar m'éirí suas i m'fhear dom, d'fhág mé bealaí an linbh i mo dhiaidh.

ach an té a bhfuil grá do Dhia aige, tá sé aitheanta ag Dia.

Níl aon phúicín orainne, áfach; tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna.

Mar is le creideamh a shiúlaimid bóthar an tsaoil seo agus ní le radharc na súl é.

Ní hé go bhfuil mo chuspóir bainte amach agam go fóill ná go bhfuilim tagtha chun foirfeachta go fóill; ach leanaim orm ag iarraidh an duais a bhreith liom mar go bhfuil beirthe orm féin ag Íosa Críost.

Mar an té a éisteann leis an mbriathar agus nach ndéanann dá réir, tá sé cosúil le duine a bhreathnaíonn ar a cheannaithe i scáthán;

A chairde cléibh, is clann Dé cheana féin sinn, agus níor foilsíodh fós cé mar a bheimid; ach nuair a fhoilseofar é, is feasach sinn go mbeimid ina chosúlachtsan, mar go bhfeicfimid é mar atá sé.

agus beidh a ghnúis le feiceáil acu, agus beidh a ainm ar chlár a n‑éadain.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí