Faoi láthair ní fheicimid ach mar a bheadh scáil go doiléir i scáthán ach ar ball gheobhaimid radharc aghaidh ar aghaidh air. Níl ach breaceolas agam faoi láthair ach beidh eolas iomlán agam ar ball, chomh hiomlán leis an eolas atá orm.
Is é a mheasaim a rá, a bhráithre: fad a bhíonn an t‑oidhre mionaoiseach, ní bhíonn difríocht ar bith idir é agus an daor, siúd is gur leis an t‑eastát ar fad,