Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 12:7

An Bíobla Naofa 1981

An léiriú a dhéantar ar an Spiorad in gach duine ar leith, is chun tairbhe an phobail mhóir é.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Tabharfaidh tú treoracha do chách a bhfuil éirim ann, iad siúd dá dtug mé éirim aigne, chun éidí Árón a dhéanamh dá choisreacan do mo shagartacht.

Is aonad an corp agus mórán ball ann, ach dá líonmhaire iad na baill ní dhéanann siad uile ach aon chorp amháin. Is é an dála céanna ag Críost é:

Sibhse mar an gcéanna: ó tá dúil agaibh i dtíolacthaí an Spioraid, bíodh tóir agaibh ar an tosaíocht a bheith agaibh ag treisiú leis an eaglais.

Bíodh féin go bhfuil d'altú ar fheabhas, ní aon tairbhe den fhear thall é.

ach nuair a bhím in eaglais is fearr liom cúig fhocal a labhairt ó m'intleacht chun daoine eile a theagasc ná deich míle focal a labhairt i dteanga.

Ba mhaith liom sibh go léir a bheith ag labhairt i dteangacha, ach b'fhearr liom go dtabharfadh sibh tairngreacht, mar is éifeachtaí an fáidh ná fear na dteangacha a labhairt mura ndéanann duine éigin a chuid cainte sin a mhíniú d'fhonn treisiú leis an eaglais.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí