Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 12:3

An Bíobla Naofa 1981

Sin é an fáth a bhfuilim á thabhairt le fios daoibh nach féidir d'aon duine “Mallacht ar Íosa” a rá agus é ag labhairt faoi anáil Spioraid Dé agus nach féidir d'aon duine ach oiread “Is é Íosa an Tiarna” a rá ach amháin faoi anáil an Spioraid Naoimh.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe, agus leis an dream a dhéanann béadán ar m'anam.

Dúirt sé leo: “Más ea, cad a bheir do Dháiví Tiarna a ghlaoch air nuair a dúirt sé faoi luí an Spioraid:

Dúirt Íosa: “Ná cuirigí aon chosc leis; níl aon duine a dhéanfaidh míorúilt i m'ainmse agus a fhéadfaidh, go luath, an drochfhocal a bheith aige orm;

Deir sibh: ‘A Mháistir’ liom agus ‘A Thiarna’, agus is le ceart é, óir is mé sin.

Má rinne mise bhur gcosa a ní agus gur mé bhur dTiarna agus bhur Máistir, ba chóir daoibhse chomh maith cosa a chéile a ní.

Nuair a thiocfaidh an tAbhcóide a chuirfidh mé chugaibh ón Athair, Spiorad na Fírinne a ghluaiseann ón Athair, déanfaidh sé fianaise orm.

(Dúirt Pilib leis: “Má chreideann tú ó do chroí go hiomlán, is ceadmhach duit.” D'fhreagair sé agus dúirt: “Creidim gurb é Mac Dé é Íosa Críost.”)

Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mbairbh é, slánófar thú.

Níor mhiste liom bheith faoi mhallacht agus dealaithe ó Chríost ar son bhráithre mo chine féin, de réir na colainne.

Mallacht ar an té nach dtugann grá don Tiarna. Maranatha [tar, a Thiarna].

Mar sin féin níl ann, i dtaca linne de, ach an t‑aon Dia amháin, an tAthair arb uaidh an uile ní agus arb ina chomhair atáimidne ann; agus níl ann ach an t‑aon Tiarna amháin, Íosa Críost, ar tríd a thagann an uile ní agus ar tríd atáimidne ann chomh maith.

Mar, má thagann duine éigin ag fógairt Íosa daoibh nach é an té a fhógraíomana, nó má fhaigheann sibh spiorad nach é an Spiorad a fuair sibh uainne, nó má ghlacann sibh le dea-scéal seachas an dea-scéal lenar ghlac sibh, is breá mar a chuireann sibh suas leis.

Ní hé go dtig linn uainn féin aon ní a chur síos dár gcumas féin. Is ó Dhia ár gcumas

Ach d'fhuascail Críost ó mhallacht an dlí sinn nuair a rinneadh rud mallaithe de féin ar ár son mar tá scríofa: “Is mallaithe cách a chrochtar ar chrann.”

ná fanadh a chorp thar oíche ar an gcrann, ach déan é a adhlacadh an lá céanna, óir tá mallacht Dé ar dhuine a chrochtar; agus ná déan an talamh a thugann an Tiarna do Dhia duit mar oidhreacht a thruailliú.

Ba é lá an Tiarna é agus bhí mé faoi luí an Spioraid, agus chuala mé ar mo chúla glór tréan, mar ghlór trumpa,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí