Nó má deir an chluas: “Toisc nach súil mé, ní bhainimse leis an gcorp,” ní fhágann sin nach cuid den chorp í.
Bíodh grá bráthar agaibh dá chéile agus tugaigí tús urraime dá chéile;
De bhrí an ghrásta a tugadh dom, is é a deirim leis an uile dhuine agaibh gan meas thar ceart a bheith ag aon duine air féin ach é féin a mheas go cothrom de réir tomhas an chreidimh a roinn Dia leis.
Má deir an chos: “Toisc nach lámh mé, ní bhainimse leis an gcorp,” ní fhágann sin nach cuid den chorp í.
Dá mba shúil an corp iomlán, cá mbeadh an éisteacht? Nó dá mba éisteacht an t‑iomlán cá mbeadh an boladh?
Ní hea, ach na baill a bhfuil an chuma is leochailí orthu, is iad is riachtanach.
Ná déanaigí aon ní le teann iomaíochta ná le teann gaisce, ach sibh á mheas go huiríseal gur fearr daoine eile ná sibh féin.