Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 12:10

An Bíobla Naofa 1981

Faigheann duine eile cumas míorúiltí agus duine eile fós bua na tairngreachta agus duine eile arís na spioraid a aithint ó chéile. Bíonn teangacha éagsúla ag duine amháin agus míniú teangacha ag duine eile.

Féach an chaibidil Cóip

38 Tagairtí Cros  

“Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i m'ainmse, labhróidh siad i dteangacha nua;

Ach iad siúd, d'imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.

Agus táim féin, féach, chun a chur uaim anuas oraibh an ní a gealladh ag m'Athair. Ach fanaigí sibhse sa chathair nó go ngléasfar sibh i gcumhacht ó uachtar neimhe.”

Nó murab é sin, creidigí mar gheall ar na hoibreacha féin. Amen, Amen, a deirim libh, an té a chreideann ionamsa, na hoibreacha a dhéanaimse, déanfaidh seisean iad chomh maith, agus déanfaidh sé oibreacha is mó ná iad; mar táimse ag dul chun an Athar.

ach nuair a thiocfaidh sé siúd, Spiorad na Fírinne, déanfaidh sé eolas daoibh chun an uile fhírinne. Óir ní as féin a labhróidh; labhróidh sé na nithe a chuala sé, agus inseoidh sé daoibh na nithe atá le teacht.

Ach gheobhaidh sibh neart an Spioraid Naoimh atá le tuirlingt oraibh agus beidh sibh in bhur bhfinnéithe ormsa in Iarúsailéim agus ar fud Iúdáia go léir agus na Samáire agus a fhad le himeall an domhain.”

Sna laethanta sin tháinig fáithe anuas ó Iarúsailéim go hAintíoch.

D'éirigh duine acu darb ainm Agabas agus thug sé le fios faoi luí an Spioraid go raibh gorta mór le teacht ar an domhan iomlán - rud a tharla in aimsir Chlauidias.

agus nuair a leag Pól a lámha orthu tháinig an Spiorad Naomh anuas orthu agus thosaigh siad ag labhairt i dteangacha agus ag déanamh tairngreachta.

Labhair Peadar leis: “A Anainias,” ar seisean, “cén fáth ar líon Sátan do chroí sa chaoi gur inis tú bréag don Spiorad Naomh agus cuid de luach na feirme a choinneáil agat féin.

Na tíolacthaí atá againn tá siad éagsúil le chéile de réir an ghrásta a tugadh dúinn. Mar sin, an té a fuair bua na fáistine déanadh sé fáistine de réir an chreidimh.

le neart comharthaí agus éachtaí agus le cumhacht an Spioraid Naoimh. Dá réir sin tá dea-scéal Chríost craobhscaoilte go forleathan agam ó Iarúsailéim amach agus mórthimpeall chomh fada le hIlliriocum.

Aon fhear a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus a cheann clúdaithe aige, tugann sé náire don té is ceann air.

Rachaidh an fháidheoireacht ar ceal, rachaidh na teangacha dá dtost, agus rachaidh an t‑eolas ar neamhní, ach ní rachaidh an grá i léig go deo.

An té a labhraíonn i dteanga, mar sin, bíodh sé ag guí go ndéanfaidh duine éigin a chaint a mhíniú.

Bíodh dúil agaibh san fháidheoireacht, dá bhrí sin, a bhráithre, agus ná coiscigí labhairt i dteangacha.

Nuair a bhronnann Dia an Spiorad oraibh agus éachtaí a dhéanamh in bhur measc, an de bharr an dlí a chomhlíonadh a dhéanann sé amhlaidh nó de chionn gur chreid sibh an teachtaireacht

ná déanaigí neamhshuim de na ráite fáidhiúla.

Thug Dia féin dearbhú air le comharthaí agus le héachtaí agus nuair a dáileadh tíolacthaí an Spioraid Naoimh de réir a thola.

A chairde cléibh, ná creidigí gach spiorad ach promhaigí na spioraid féachaint an ó Dhia dóibh: mar go ndeachaigh a liacht fáithe bréige amach ar an saol.

Is eol dom d'oibreacha, agus do shaothar, agus d'fhoighne, agus mar nach féidir duit lucht an oilc a fhulaingt, agus mar a phromhaigh tú an dream a thug aspail orthu féin agus nach amhlaidh dóibh, agus mar a fuair tú bréagach iad.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí