Agus ní ar mhaithe leis an mbean a cruthaíodh an fear: is ar mhaithe leis an bhfear a cruthaíodh an bhean.
Agus dúirt an Tiarna Dia: “Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.”
Thug an duine ainm ar an eallach go léir, ar éanlaith an aeir go léir, agus ar na hainmhithe allta. Ach ní bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine.
An easna a bhain an Tiarna Dia as an duine, rinne sé bean aisti, agus thug chun an duine í.
Dá réir sin ní miste don bhean comhartha an smachta a bheith ar a ceann aici mar gheall ar na haingil.