Mar mura gclúdaíonn bean a ceann, déantar í a bhearradh. Agus ós cúis aithise do bhean a ceann a bhearradh nó a folt a ghearradh, clúdaíodh sí a ceann.
Tar éis don sagart an bhean a chur i láthair an Tiarna, scaoileadh sé le folt a cinn agus cuireadh sé an abhlann chuimhneacháin (an abhlann éada is é sin) ina lámha. Bíodh uisce an tseirfin, an sás mallachta, ina láimh féin.
D'fhan Pól i gCorant ar feadh i bhfad. Ansin d'fhág sé slán ag na bráithre agus chuaigh ar bord loinge chun na Síre. Chuaigh Priscille agus Acula in éineacht leis. Bhí sé tar éis a cheann a bhearradh i gCeinchré mar bhí móid air.
Aon bhean, áfach, a dhéanann urnaí nó a thugann tairngreacht agus í ceann-nochta, tugann sí náire don té is ceann uirthi; is cuma é agus a ceann a bheith bearrtha.
Ná cuireadh bean feisteas fir uirthi féin, agus ná cuireadh fear feisteas mná air féin; is gráin leis an Tiarna do Dhia an mhuintir a dhéanann na nithe sin.