Nach bhfuil tithe de bhur gcuid féin agaibh chun bheith ag ithe agus ag ól iontu? Nó an é is áil libh eaglais Dé a dhíspeagadh agus na boicht a náiriú? Cad a déarfaidh mé libh mar sin? Sibh a mholadh dá bharr, an ea? Go deimhin ní mholfaidh mé.
Is chuige sin atáim ag cur Tiomóid chugaibh: is é mo mhac muirneach dílis é sa Tiarna agus cuirfidh sé i gcuimhne daoibh mo bhealaí i gCríost a bhíonn agam á bhfógairt i ngach eaglais ar fud an bhaill.
Taobh amuigh de sin, leanadh gach duine den saol a bhí ceaptha ag an Tiarna dó, mar a bhí aige nuair a fuair sé an glao ó Dhia. Sin é an riail a leagaimse síos sna heaglaisí uile.
Nuair a tháinig Tiomóid ar ais chugainn uaibh anois beag, áfach, is é an scéal maith a bhí aige dúinn ar bhur gcreideamh agus ar bhur ngrá. D'inis sé dúinn go mbíonn sibh ag cuimhneamh go ceanúil orainn i gcónaí agus go bhfuil sibh chomh mór ag tnúth lenár bhfeiceáil agus atáimidne libhse.
Táim ag tabhairt foláirimh daoibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, fanacht amach ó bhráthair ar bith a chaitheann a shaol díomhaoin agus nach leanann an treoir a fuair sibh uainne.