Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 11:16

An Bíobla Naofa 1981

Ach má tá fonn aighnis ar aon duine faoin scéal, níl a mhalairt de nós againne ná ag eaglaisí Dé.

Féach an chaibidil Cóip

12 Tagairtí Cros  

Ansin ghlac mé scríbhinn an cheannaithe agus é séalaithe de réir an dlí mar aon lena cóip oscailte,

Tá scéala faighte acu ortsa, áfach, go mbíonn tú ag teagasc na nGiúdach go léir a bhfuil cónaí orthu i measc na ngintlithe a gcúl a thabhairt do Mhaois, á rá leo gan a bpáistí a thimpeallghearradh ná na gnásanna a chleachtadh.

Beir leat iad agus déan tú féin a íonghlanadh in éineacht leo agus íoc an costas dóibh le go ndéanfaidh siad a gceann a bhearradh. Beidh a fhios ag cách ansin nach bhfuil aon bhonn lena bhfuil cloiste acu i do thaobh ach go leanann tú féin ag coimeád an dlí.

ach gur barr maise do bhean a cuid gruaige a bheith amhlaidh? Go deimhin is mar chumhdach a tugadh an folt di.

Maidir leis an mbailiúchán i gcomhair an phobail naofa, leanaigíse freisin an treoir a thug mé d'eaglaisí na Galaite.

Ná bígíse, dá bhrí sin, ag tabhairt breithe roimh ré, nó go dtiocfaidh an Tiarna agus tabharfaidh seisean chun solais na nithe atá folaithe sa dorchadas agus nochtfaidh sé rúin na gcroíthe, agus ansin gheobhaidh cách a mholadh ó Dhia.

Taobh amuigh de sin, leanadh gach duine den saol a bhí ceaptha ag an Tiarna dó, mar a bhí aige nuair a fuair sé an glao ó Dhia. Sin é an riail a leagaimse síos sna heaglaisí uile.

Nach saorfhear mise chomh maith le cách? Nach aspal mé? Nach bhfuil Íosa ár dTiarna feicthe agam? Nach sibhse mo shaothar sa Tiarna?

An ormsa agus ar Bharnabas amháin atá coiscthe an saothar láimhe a thabhairt suas?

Tá sibhse, a bhráithre, ag leanúint lorg eaglaisí Dé atá in Íosa Críost ar fud Iúdáia; mar tá an íde chéanna faighte agaibhse ó bhur gcomhthírigh agus a fuair siadsan ó na Giúdaigh,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí