Thug tú arán ó neamh dóibh lena n‑ocras a shásamh. Agus thug tú na caisí uisce ón gcarraig dóibh dá dtart. D'ordaigh tú dóibh gabháil isteach, Agus seilbh a thógail ar an talamh A mhionnaigh tú a thabharfá dóibh.
Nuair a chonaic clann Iosrael é dúradar lena chéile: “Cad é seo (man hú)?” mar nárbh fhios dóibh cad é. “Sin é,” arsa Maois, “an t‑arán a thug an Tiarna le hithe daoibh.
Bhí an manna á ithe ag clann Iosrael ar feadh daichead bliain nó go dtángadar go críocha ináitribh. Bhíodar ag ithe an mhanna nó go dtángadar go teorainn Chanán.
Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Anois fearfaidh mé arán anuas ó neamh daoibh. Rachaidh an pobal amach gach lá chun cuid an lae sin a chnuasach, d'fhonn iad a phromhadh féachaint an siúlfaidh siad i mbealaí mo dhlí nó nach ndéanfaidh siad.
D'umhlaigh sé thú agus d'fhág ocrach thú agus chothaigh thú le manna nárbh eol duit féin ná do d'aithreacha, d'fhonn é a chur in iúl duit nach ar arán amháin a mhaireann an duine, ach go maireann an duine ar gach ní a thagann ó bhéal Dé.