Thagaidís le chéile in aon bhuíon sa Teampall gach lá ach bhrisidís arán i dtithe a chéile agus chaithidís a gcuid le chéile le móráthas agus le sástacht chroí
Ansin chuaigh sé in airde arís, bhris an t‑arán leo agus chaith sé a chuid. Agus bhí comhrá fada aige leo as sin go maidin. D'imigh sé chun siúil ansin.
Nuair a thangamar le chéile tráthnóna an chéad lá den tseachtain chun arán a bhriseadh, thug Pól seanmóir dóibh mar bhí sé le himeacht lá arna mhárach agus lean sé ag caint go dtí meán oíche.
mar cibé acu Giúdaigh nó Gréagaigh sinn, saor nó daor, baisteadh an uile dhuine againn leis an aon Spiorad amháin, isteach san aon chorp amháin agus as an aon Spiorad amháin tugadh deoch le hól dúinn.
Fógraímid daoibhse an ní sin a chonaiceamar agus a chualamar le go mbeadh páirt agaibh linne, fearacht mar atá againne leis an Athair agus lena Mhac Íosa Críost.
Más sa solas, áfach, a shiúlaimid, faoi mar atá seisean sa solas, tá páirt againn lena chéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Mhac ón uile pheaca sinn.