Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 10:12

An Bíobla Naofa 1981

Dá réir sin an té ar dóigh leis go bhfuil sé ina sheasamh, tugadh sé aire ar eagla go dtitfeadh sé.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Gabhann uabhar roimh thubaiste; agus éirí in airde roimh threascairt.

Is méanar don té ar a bhfuil eagla [an Tiarna] i gcónaí, ach an té a chruann a chroí, titfidh an tubaiste sa mhullach air.

Bígí aireach, dá bhrí sin, conas a chluineann sibh; óir an té a mbíonn aige, tabharfar dó, agus an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú an ní a shíleann sé a bheith aige.”

Tá go maith, ach is mar gheall ar easpa creidimh a scoitheadh iad agus is é do chreideamh atá do do choimeádsa suas. Ná bíodh aon éirí in airde ort, dá bhrí sin, ach eagla.

An duine a mhaíonn go bhfuil fios fátha an scéil aige níl fios a ghnó mar ba chóir fós aige,

Bígí aireach, áfach, le heagla go mbuailfeadh aon duine bob oraibh leis an bhfealsúnacht bhaoth mhealltach úd a leanann traidisiúin dhaonna agus atá bunaithe ar phrionsabail an tsaoil in áit a bheith bunaithe ar Chríost.

Ós rud é go bhfuil seo ar eolas agaibh roimh ré, a chairde cléibh, féachaigí chuige nach scuabfar de bhur mbonna sibh le hearráid lucht coirpeachta agus bhur ndaingne a chailliúint.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí