Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



1 Corantaigh 10:10

An Bíobla Naofa 1981

Agus ná déanaigí monabhar mar a rinne cuid acu sin monabhar gur scrios an scriosadóir iad.

Féach an chaibidil Cóip

23 Tagairtí Cros  

Shín an t‑aingeal a lámh amach ionsar Iarúsailéim lena scrios, ach rinne an Tiarna athsmaoineamh faoin olc seo agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh!” Bhí aingeal an Tiarna le hais urlár buailte Arauná an Iabúsach.

Ansin chuir an Tiarna an t‑aingeal go Iarúsailéim lena scrios, ach nuair a bhí sé ar tí í a scrios, d'fhéach an Tiarna agus tháinig ar mhalairt aigne faoin olc seo, agus dúirt sé leis an aingeal a bhí ag scrios an phobail: “Is leor sin! Fóill ar do láimh anois!” Bhí aingeal an Tiarna ina sheasamh ag urlár buailte Ornán an Iabúsach.

Chuir an Tiarna aingeal uaidh amach a chuir chun báis na curaidh go léir, agus na ceannairí agus na hoifigigh i gcampa rí na hAsaíre. D'fhill sé agus náire shaolta air, abhaile ar a thír féin. Chuaigh sé isteach i dteampall a dhé, agus threascair cuid dá chlann mhac féin é le faobhar claímh.

Ach bhídís ag cásamh ina mbothanna, agus ní éistfidís le glór an Tiarna.

Óir gabhfaidh an Tiarna thar bráid chun na hÉigiptigh a mharú; agus nuair a fheicfidh sé an fhuil ar an bhfardoras agus ar an dá ursain, rachaidh an Tiarna thar bhur ndoras agus ní ligfidh sé don scriostóir dul isteach in bhur dtithe d'fhonn bhur mbásaithe.

Bhí an pobal ag monabhar in aghaidh Mhaois. “Cad tá le hól againn?” a deiridís.

Chrom clann Iosrael go léir ag monabhar in aghaidh Mhaois agus Árón, agus dúirt an comhthionól uile leo: “Uch nach bhfuaireamar bás i dtír na hÉigipte! nó ar a laghad nach bhfuaireamar bás san fhásach seo!

na fir seo a thug an drochthuairisc ar an tír, bhuail an phlá marbh iad os comhair an Tiarna.

Uime sin is in aghaidh an Tiarna féin a rinne tú féin agus do lucht leanúna go léir an tóstal; cad é Árón go ndéanfadh sibh monabhar ina aghaidh?”

Lá arna mhárach bhí comhthionól uile chlann Iosrael ag monabhar in aghaidh Mhaois agus in aghaidh Árón, á rá: “Tá an bás tugtha agat sa mhullach ar phobal an Tiarna!”

Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Cuir craobh Árón ar ais i láthair na Fianaise mar a mbeidh sí á coimeád ina sampla do na ceannaircigh seo; cuirfidh sí deireadh go deo lena monabhar i m'aghaidh le nach bhfaighidh siad bás.”

An té a dtiocfaidh bláth ar a chraobh, sin é an té atá tofa agam; sin mar a chuirfidh mé deireadh leis na gearáin atá á ndéanamh ag clann Iosrael i d'aghaidh.”

Agus ar an mball bhuail aingeal an Tiarna ar lár é de chionn nár thug sé onóir do Dhia. Fuair sé bás agus é á ithe ag péisteanna.

Déanaigí gach ní gan chasaoid ná argóint, ar shlí go mbeadh sibh gan locht gan urchóid, in bhur gclann gan cháim ag Dia i lár glúine atá truaillithe claon

Trí chreideamh cheiliúir sé an Cháisc agus dhoirt sé an fhuil ionas nach mbainfeadh scriostóir na gcéadghinte le clann Iosrael.

Iad sin lucht an mhonabhair a bhíonn ag gearán faoina gcinniúint, a ghéilleann dá n‑ainmhianta, a mbíonn clab orthu le huaill agus a bhíonn ag bladar le daoine ar mhaithe leo féin.”

Ansin chuala mé guth ard ón teampall á rá leis na seacht n‑aingeal: “Imígí agus doirtigí seacht soitheach feirge Dé ar an domhan.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí