Óir is geal leis an Tiarna an fhíréantacht agus ní thréigfidh sé a dhílseoirí go deo. Déanfar lucht na héagóra a dhíothú agus sliocht na n‑urchóideach a scriosadh.
Agus cé hé tusa chun breith a thabhairt ar sheirbhíseach duine eile? Seasann sé nó titeann sé i láthair a mháistir féin. Agus is seasamh a dhéanfaidh sé mar tá sé ar chumas an Tiarna é a choimeád ina sheasamh.
Moladh leis an té úd atá in ann sibh a dhaingniú de réir an dea-scéil a chraobhscaoilimse, agus an fhorógra faoi Íosa Críost, an dea-scéal ina bhfoilsítear an rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta
beidh saothar cách soiléir le feiceáil; mar nochtfaidh an Lá é; mar nochtfar é sa lasair agus tástálfaidh an lasair cén sort oibre a bheidh déanta ag cách.
Agus tá súil agam go dtuigfidh sibh go hiomlán ar ball an ní a thuigeann sibh go pointe áirithe anois, is é sin, go bhféadfaidh sibh bheith chomh mórálach céanna asainn lá an Tiarna Íosa agus a bheimidne asaibhse.
Agus go ndaingní sé bhur gcroíthe sa naofacht sa tslí go mbeidh siad gan cháim os comhair Dé, ár nAthair, ar theacht dár dTiarna Íosa agus a chuid naomh in éineacht leis.
gan bheith suaite go héasca in bhur n‑aigne ná scéin a ghlacadh ó spiorad nó ó scéal nó litir a cuireadh síos domsa, mar dhea go bhfuil lá an Tiarna tagtha cheana féin.
Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.
Sea, go ndeonaí an Tiarna go bhfaighidh sé trócaire ón Tiarna an lá úd - agus is fearr a fhios agatsa na agam féin méid an fhreastail a rinne sé orm in Eifeasas.
Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a athnuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.
Tiocfaidh lá an Tiarna mar ghadaí, agus scriosfar na spéartha de ruathar toirní; déanfar na dúile a mhilleadh le tine, agus loscfar an domhan agus a bhfuil d'oibreacha ann.
Dá bhrí sin, a chairde cléibh, ós rud é go bhfuil sibh ag súil leis na nithe sin, bígí go dúthrachtach le go bhfaigheadh sé sibh gan locht gan cháim, agus faoi shíocháin.