níor mhiste liom féin, freisin, tar éis dom an uile lorg a leanúint go cruinn ó thosach, iad a scríobh i ndiaidh a chéile duitse, a Theofail ró-uasail,
An uair sin féin rinne sé gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a d'fhoilsigh tú do naíonáin iad. Sea, a Athair, óir is amhlaidh sin ba mhaith leat é.
I gcuideachta Sheirgias Paulas próchonsal a bhíodh sé. Fear saoithiúil ba ea eisean agus ghlaoigh sé chuige Barnabas agus Sól mar bhí fonn air briathar Dé a chloisteáil.
Mar sin féin bhí daoine ann a thaobhaigh leis agus a ghlac an creideamh. Orthusan bhí Dionisius Airiopagach agus bean darbh ainm Damairis agus tuilleadh nach iad.
Agus ní i mbriathra na heagna daonna a chuirimid síos ar na nithe sin ach i mbriathra a mhúin an Spiorad dúinn nuair a bhímid ag míniú cúrsaí an spioraid dóibh siúd a bhfuil an Spiorad iontu.
Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?