Bíonn na Giúdaigh ag iarraidh “comharthaí” agus na Gréagaigh ag iarraidh “eagna,”
Agus thug sé comhartha san am céanna: “Seo é an comhartha,” ar sé, “gur labhair an Tiarna: ‘Pléascfaidh an altóir seo agus scaipfear an luaithreach atá uirthi.’ ”
Tháinig na Fairisínigh agus thosaigh siad ag argóint leis, ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, ag baint trialach as.
Agus bhí cuid eile acu ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, á phromhadh.
Ach más trí mhéir Dé a chaithim amach na deamhain, dá réir sin tá ríocht Dé tagtha chugaibh.
D'fhreagair na Giúdaigh ansin: “Cén comhartha,” ar siad leis, “atá á thaispeáint agat dúinn mar bhonn lena bhfuil á dhéanamh agat?”
Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d'imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine:
Dúirt Íosa leis: “Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.”