Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 6:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 Agus cad chuige dhaoibh imnidhe bheith oraibh i dtaobh éadaigh? Breathnuighidh lilí an bháin, cionnas fhásas siad; ní dhéanaid saothar, agus ní dhéanaid sníomh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 Agus cad chuige daoibh imní a bheith oraibh i dtaobh na n‑éadaí? Déanaigí machnamh ar lilí an mhachaire, agus ar an bhfás a thagann fúthu; ní dhéanann siad saothar ná sníomh;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Agus cad chuige a mbíonn éadach ag déanamh cúraim díbh? Tabhairigidh fá dear mar a fhásas lilí na míne: ní shaothruigheann siad, ná ní shníomhann siad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Agus créud fa a bhfuiltí rochúramach a ttimcheall bhur gculadh? Foghlomaidh cionnas fhásaid lilighe an mhachaire; ní dhéunaid síad saóthar, agus ní shníomhaid síad:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Agus cad chuige go mbíonn buaireamh i dtaobh éadaigh oraibh? Breithnighidh bláthana an bháin, conus mar fhásaid siad; ní dheinid siad saothar ná sníomh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 Agus cén fáth a bhfuil sibh imníoch i dtaobh an éadaigh? Tugaigí faoi deara lilí an bháin, mar a fhásann siad; ní dhéanann siad saothar ná sníomh.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:28
13 Tagairtí Cros  

ná mála i gcómhair an aistir, ná dhá chasóig, ná bróga, ná bata: óir is fiú an t‐oibridhe a chuid bidh.


D’á bhrigh sin adeirim libh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, mar gheall ar a n‐íosaidh sibh, nó mar gheall ar a n‐ólfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, mar gheall ar an gclúdach bhéas oraibh. Nach mó an t‐anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t‐éadach?


Agus cia agaibh d’fhéadfadh, le méid a imnidhe, bannlámh amháin do chur le n‐a aoirde féin?


Ná bíodh imnidhe oraibh, d’á bhrigh sin, agus sibh g‐á rádh, Créad íosaimíd? nó, Créad ólfaimíd? nó, Cionnas clúdóchar sinn?


Acht d’fhreagair an Thighearna agus adubhairt sé léi, A Mharta, a Mharta, atá a lán neithe ag cur imnidhe agus buaidheartha ort:


Agus nuair bhéarfas siad i láthair na sionagóg, agus na ngiúistís, agus na n‐uachtarán sibh, ná bíodh ’n‐a imnidhe oraibh cionnas nó cad fhreagróchas sibh, nó cad adéarfas sibh:


Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, créad íosfas sibh; ’ná i dtaobh bhúr gcuirp, créad chuirfeas sibh oraibh.


Breathnuighidh na lilí, cionnas fhásas siad; ní dhéanann siad saothar ’ná sníomh; acht adeirim‐se libh, Ní raibh Solamh, ’n‐a ghradam uile, éidighthe mar cheann aca‐san


Agus d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, An té ag a bhfuil dhá chasóig, tabhradh sé do’n té nach bhfuil casóg aige; agus an té ag a bhfuil biadh, déanadh sé mar an gcéadna.


Ná bíodh imnidhe oraibh fá rud ar bith: acht san uile nidh cuiridh bhur n‐iarrataisí i n‐umhail do Dhia le h‐urnaighe, agus le h‐athchuinghe, agus le breith buidheachais.


ag cur bhur gcúraim uile air, óir bheireann se féin aire dhaoibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí