Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 21:35 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus do rug na scológa ar a shearbhóntaibh, agus do bhuaileadar duine aca, agus do mharbhadar duine eile, agus do ghabhadar de chlochaibh ar dhuine eile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 agus rug na tionóntaí ar a sheirbhísigh, agus bhuail siad duine acu, agus mharaigh siad an dara duine, agus dʼimir siad bás ar dhuine eile acu le clocha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Agus rug na feirmeoirí ar a sheirbhísigh, bhuail siad duine acu, mharbh siad duine eile, agus chaith siad clocha ar dhuine eile.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Agus rugadar na sgológa ar a shearbhfoghantuidhibh, agus do ghabhadar ar fhear dhióbh, agus do mharbhadar fear eile, agus do ghabhadar do chlochaibh ar fhear eile.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Ac do rug an lucht saothruighthe ar na seirbhísigh, agus ghabhadar ar dhuine acu, agus mharbhuigheadar duine acu, agus ghabhadar do chlochaibh i nduine acu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 Ach rug na curadóirí ar na seirbhísigh, thug siad bualadh do dhuine acu, mharaigh duine eile, chloch duine eile.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:35
23 Tagairtí Cros  

Agus nuair do bhí séasúr na dtoradh ag teacht, do chuir sé a shearbhóntaí chum na scológ, chum chuid de’n toradh d’fhágháil.


Arís do chuir sé searbhóntaí eile chuca, níba mhó ’ná an chéad chuid: agus thugadar an íde chéadna ortha‐san.


Bíodh áthas oraibh agus lúthgháir, mar is mór é bhúr luach saothair ar neamh; óir ar an gcuma chéadna is eadh do ciapadh na fáidhe tháinig rómhaibh.


Cia aca de na fáidhibh nach ndearna bhúr sinnsir géir‐leanamhain air? agus do mharbhadar iad‐san d’fhógair roimh ré teacht an Fhíréin úd; go bhfuil sibh‐se ’n‐bhúr mbrathadóiribh agus ’n‐bhúr ndúnmharbhthóiribh aige;


Agus nuair d’fhoscail sé an cúigeadh séala, do chonnacas fá’n altóir anmanna na ndaoine do marbhadh ar son briathair Dé, agus ar son na fiadhnaise thugadar:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí