Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 20:28 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

28 ar chuma Mhic an Duine nach dtáinig chum go ndéanfaidhe friotháileamh air, acht chum go ndéanfadh seisean friotháileamh, agus chum a anam do thabhairt i n‐éiric móráin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

28 dála Mhac an duine nár tháinig le daoine a bheith ag freastal air ach le bheith ag freastal ar dhaoine, agus lena bheo a bhronnadh ina éiric le haghaidh mórán daoine.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

28 Amhail agus nach dtáinic Mac an Duine le seirbhís d’fhagháil, acht le seirbhís a thabhairt, agus le n-a anam a thabhairt mar éiric ar son móráin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

28 Amháil as nach dtáinic Mac an duine do chum go ndéantáoi seirbhís dhó, achd do dhéanamh seirbhísi, agus do thabhairt anma féin mar éiric ar son mhóráin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

28 Fé mar nár tháinig Mac an Duine chun seirbhíse dh’fhághail, ach chun seirbhíse thabhairt uaidh, agus chun a anama thabhairt uaidh mar cheannach ar a lán.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

28 díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 20:28
35 Tagairtí Cros  

agus cibé duine go mba mhian leis bheith ar tosach eadraibh, béidh sé mar fhear freastail agaibh:


óir is í seo m’fhuil, fuil an tiomna nua, doirtear ar son móráin chum maitheamhnais na bpeacadh.


Agus adubhairt Íosa leis, Atá uachaise ag na sionnachaibh, agus atá neada ag éanlaithibh na spéire; acht ní fhuil ag Mac an Duine áit ar a leagfadh sé a cheann.


Óir ní tháinig Mac an Duine féin chum go ndéanfaidhe friotháileamh air, acht chum fo ndéanfadh seisean friotháileamh, agus go dtiubhradh sé a anam i n‐éiric móráin.


Agus adubhairt sé leo, Is í seo m’fhuil ’san tiomna nua doirtfear ar son móráin.


Óir cia aca is mó, an té atá ’n‐a shuidhe chum bidh, nó an té do‐ghní friotháileamh? Nach é an té atá ’n‐a shuidhe? acht atáim‐se i n‐bhúr measc mar dhuine do‐ghní friotháileamh.


fá mar aithnigheann an t‐Athair mé, agus aithnighim‐se an t‐Athair; agus do‐bheirim m’anam ar son na gcaorach.


agus do tógadh suas arís le n‐ár bhfíréanú.


Óir is eol daoibh grása ár dTighearna Íosa Críost, gidh go raibh sé saidhbhir, gur éirigh sé bocht ar bhur son‐sa, chum go n‐éireochadh sibh saidhbhir de bharr a bhochtaine‐sean.


D’fhuascail Críost ó mhallacht an dlighe sinn, ag déanamh mallachta dhe féin ar ár son: óir atá scríobhtha, Is malluighthe gach duine crochtar ar chrann:


’n‐a bhfuil fuascladh againn tré n‐a fhuil, maitheamhnas ár bpeacadh,


agus siubhlaidh i ngrádh, fá mar ghrádhuigh Críost sibh‐se, agus thug é féin ar ár son, ’n‐a thoirbirt agus ’n‐a íodhbairt dheagh‐chumhra do Dhia.


thug é féin mar éiric ar son an uile dhuine, gur tugadh a fhiadhnaise ’n‐a am féin.


thug é féin ar ár son, chum sinn d’fhuascailt ó gach peacadh, agus pobal do ghlanadh dhó féin, pobal díoghraiseach chum deagh‐oibreacha do chleachtadh.


Óir ba chuibhe do’n té, gur dó atá an uile nidh, agus gur tríd atá an uile nidh, ag tabhairt móráin clainne chum glóire dhó, príomh‐ughdar a slánuighthe d’fhoirbhiú tré n‐ar fhulaing sé.


is eisean, gidh gur Mhac é, d’fhoghlaim umhlacht de bhárr ar fhulaing sé:


ar an gcuma chéadna, foillseochar Críost gan peacadh, an dara h‐uair, do na daoinibh atá ag fanamhain leis, chum a slánuighthe, tar a éis dó a íodhbairt féin an t‐aon uair amháin chum peacaidhe móráin d’iomchar.


an té d’iomchair ár bpeacaidhe ’n‐a chorp féin ar an gcrann, chum, ar mbeith dhúinn marbh do’n pheacadh, go mairfimís do’n fhíréantacht; agus do leigheasadh sibh le n‐a chneadhaibh.


Óir d’fhulaing Críost féin, aon uair amháin, ar son na bpeacaidhe, an fíréan i n‐éiric na neimhfhíréan, chum sinn do thabhairt chum Dé; d’á chur chum báis san bhfeoil, acht d’á bheodhadh san spiorad;


agus is eisean an t‐íodhbarthach, ní h‐amháin ar son ár bpeacaidhe‐ne, acht ar son peacaidhe an domhain ar fad.


agus ó Íosa Críost, an fiadhnaidhe fírinneach, an chéid‐ghein ó na marbhaibh, agus árd‐rí righthe na talmhan. Do’n té ghrádhuigheas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaidhibh le n‐a fhuil féin sinn;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí