Matha 14:29 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)29 Agus adubhairt seisean, Tar. Agus tháinig Peadar anuas as an mbád, agus do shiubhail sé ar bhárr an uisce ag teacht chum Íosa. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)29 “Tar”, ar seisean leis. Dʼéirigh Peadar mar sin amach as an mbád gur tháinig chuig Íosa agus é ag siúl an uisce; Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara29 Agus dubhairt seisean: Tar. Agus ar dhul amach as an bhád do Pheadar, chuaidh sé a shiubhal ar an uisce le dul chuig Íosa. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)29 Agus a dubhairt seisean, Tárr. Agus an tan do chúaidh Peadar sios as an luing do shiobhail se ar na huisgidhibh, do chum teachd go Hiósa. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)29 Agus dubhairt seisean: Tar chúgham. Agus tháinig Peadar anuas as an luing, agus bhí sé ag siúbhal ar bhárr uisge, ag teacht chun Íosa. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201229 Dúirt Íosa: “Tar!” Agus tháinig Peadar amach as an mbád agus shiúil ar bharr an uisce ag déanamh ar Íosa. Féach an chaibidil |
Agus adubhairt seisean leo, Mar gheall ar bhúr n‐easbaidh creidimh: óir adeirim libh go fírinneach, Dá mbéadh oiread le gráinne síl mustáird de chreideamh agaibh, adéarfadh sibh leis an sliabh so, Aistrigh as so annsúd anonn; agus aistreochaidh sé; agus ní bhéidh éinnidh ann nach mbéidh ar chumas daoibh a dhéanamh.
Agus nuair do‐chonnaic na deisceabail é, tháinig iongnadh mór ortha, agus adubhradar, Cionnas d’fheogh an crann fige chómh luath sin? Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Má bhíonn creideamh agaibh, gan amhras bheith oraibh, do‐ghéanaidh sibh, ní h‐é amháin a ndearnadh do’n chrann fige, acht má deir sibh leis an sliabh so, Tógtar agus teilgthear isteach sa bhfairrge thú, déanfar é.