Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Matha 14:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Acht do bhí an bád fá’n am sin i lár na fairrge, d’á luascadh ag na tonnaibh, mar do bhí an ghaoth ’n‐a choinnibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

24 ach faoin am seo bhí an bád mórán stáid amach ón talamh, agus é á choscairt ag na tonnta; mar bhí an ghaoth ina n‑éadan.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

24 Acht bhí an bád i lár na fairrge dá chaitheamh anonn agus anall ag na tonnaí; óir bhí an ghaoth ina aghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

24 Agus do bhí an long fá a námsin a meadhón ná fairge, dá tteilgean a nunn agus a nall ag na tonnaibh: óir do bhí an gháoth na naghaidh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

24 Ac bhí an long bheag i lár na faraige d’á cáible ag na tonnaibh, mar bhí an ghaoth ’n-a coinnibh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

24 Bhí an bád faoin am sin mórán staideanna amach ón talamh, dá bocadh ag na farraigí, mar bhí an ghaoth contrártha.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 14:24
6 Tagairtí Cros  

Agus féach, d’éirigh stoirm mhór ar an bhfairrge, i dtreo go raibh an bád d’á mhúchadh fá na tonnaibh: acht do bhí seisean ’n‐a chodladh.


Agus nuair do chonnaic sé iad ag iomramh, agus saothar mór ortha, (óir do bhí an ghaoth ’n‐a gcoinnibh), tháinig sé chuca i dtimcheall na ceathramhadh faire de’n oidhche, agus é ag siubhal ar an bhfairrge; amhail mar bhéadh sé ag gabháil tharsta:


Agus do bhí an fhairrge ag éirghe le neart gaoithe móire do bhí ag séideadh.


óir fear maith ab eadh é, agus do bhí sé lán de’n Spiorad Naomh agus de chreideamh: agus ba mhór an méid daoine tugadh chum an Tighearna.


Agus ag imtheacht dúinn ó’n áit sin, do sheolamar ar scáth Chupruis, mar bhí an ghaoth ’n‐ár gcoinnibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí