Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 17:33 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

33 Cibé duine iarrfas a anam do shábháil, caillfidh sé é: agus cibé duine chaillfeas a anam, sábhálfaidh sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

33 An té bhíos ag iarraidh a anam a choinneáil slán is é a chaillfeas é, ach an té a chaillfeas a anam, is é a shlánós é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

33 Cibé a iarrfas a anam a shábháil, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfeas é, congbhóchaidh sé beo é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

33 Gidh bé neach iárrfas a anam féin do shabháil caillfidh sé é; agus gidh bé chaillfeasa anam beodhfuidh sé é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

33 Pé duine bheidh a d’iarraidh a anama shábháil, caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam sábhálfaidh sé é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

33 Cibé a iarrfaidh a anam a choinneáil slán, caillfidh sé é, agus cibé a chaillfidh é, déanfaidh sé é a tharrtháil.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 17:33
7 Tagairtí Cros  

Cibé duine gheobhas a anam caillfidh sé é; agus cibé chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, do‐gheobhaidh sé é.


Óir, cibé duine gur mian leis a anam do shaoradh, caillfidh sé é; agus cibé duine chaillfeas a anam ar mo shon‐sa, saorfaidh sé é.


Adeirim libh, Béidh beirt fhear i n‐aon leabaidh amháin, an oidhche sin; tógfar duine aca, agus fágfar an duine eile.


An té gur mór aige a anam cailleann sé é; agus an té gur beag air a anam sa tsaoghal so, coimhéadfaidh sé chum na beathadh síorraidhé é.


Ná bíodh aon eagla ort roimh an méid atá le fulang agat: féach, atá an diabhal ar tí cuid agaibh do chaitheamh isteach i bpríosún chum fromhadh do dhéanamh oraibh; agus béidh sibh fá anró ar feadh deich lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐bhéarfad‐sa coróin na beathadh dhuit.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí