Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 17:31 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

31 An lá sin, an té bhéas ar bhárr an tighe, agus a mhaoin sa tigh, ná téigheadh sé síos chum a tógála leis: agus an té atá ar an machaire, ná casadh sé ar ais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

31 An lá úd, má tá duine i mullach an tí, agus a mhaoin sa teach, ná tagadh sé anuas isteach lena breith leis; agus mar an gcéanna don té atá amuigh sa pháirc imíodh sé gan filleadh siar.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

31 An uair sin, an té a bhéas ar mhullach an tighe agus a mhaoin san tigh, ná tuirlingeadh sé le h-iad a bhreith leis, agus mar an gcéadna, an té a bhéas san ghort, ná pilleadh sé thar ais.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

31 Ann sa lá sin, an té bhiás a tigh, agus a mháoin ann sa tighsin, ná tuirlingeadh sé chum a dtógbhála: agus an tí atá ar an machaire, na casadh sé tar a ais mar an gcéadna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

31 An lá san, an t-é bheidh ar bhuaic an tighe, agus a chuid sa tigh, ná téigheadh sé isteach a d’iarraidh a choda; agus an t-é a bheidh sa pháirc, ar an gcuma gcéadna, ná téigheadh sé thar n-ais.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

31 An lá sin, an té a bheidh ar bharr an tí agus a urra tí sa teach, ná téadh sé síos chun é a bhreith leis, agus mar an gcéanna an té a bheidh sa ghort, ná casadh sé ar ais.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 17:31
8 Tagairtí Cros  

Óir cad é a thairbhe do dhuine dá ngnóthuigheadh sé an domhan go h‐iomlán, agus a anam do chailleamhain? nó cad í an mhalairt dhéanfas duine ar a anam féin?


D’á bhrigh sin adeirim libh, Ná bíodh imnidhe oraibh i dtaobh bhúr mbeathadh, mar gheall ar a n‐íosaidh sibh, nó mar gheall ar a n‐ólfaidh sibh; ná i dtaobh bhúr gcuirp, mar gheall ar an gclúdach bhéas oraibh. Nach mó an t‐anam ’ná an biadh, agus an corp ’ná an t‐éadach?


Annsin na daoine atá i nIúdaea, teichidís chum na gcnoc; agus na daoine atá ’n‐a lár, imthighdís amach; agus na daoine atá amuigh sa tír ná téighidís isteach innti.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí