Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 7:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 agus adubhairt sé leis, Éirigh as do thír féin, agus as do mhuinntir féin, agus tar isteach san tír thaisbeánfas mé dhuit.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 agus dúirt sé leis, ‘Imigh leat as do thír dhúchais agus fág do mhuintir agus tar ort go tír a thaispeánfaidh mé duit.’

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus dubhairt leis: Fág do thír féin, agus do chineadh, agus tar chun na tíre a thaisbheánfas mise duit.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus a dubhairt sé ris, Fág do thír féin, agus do chineadh, agus tárr don tír fhoillseachus misi dhuit.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus dubhairt sé leis: “imthigh as do thír agus ó d’ghaoltaibh agus tar isteach sa tír a thaisbeánfad duit.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 agus dúirt sé leis: ‘Fág do thír agus do mhuintir agus gluais leat chun na tíre a thaispeánfaidh mé duit.’

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 7:3
11 Tagairtí Cros  

An té gurb annsa leis a athair nó a mháthair ’ná mise, ní fiú liom é; agus an té gurb annsa leis a mhac nó a inghean ’ná mise ní fiu é mise.


Ar an gcuma chéadna, gach duine agaibh‐se nach ndiúltann do gach a bhfuil aige, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam‐sa.


Annsin d’fhág sé tír na gCaldaeach, agus do chómhnuigh sé i gCarrán, agus, nuair fuair a athair bás, d’aistrigh Dia é go dtí an tír seo ’n‐a bhfuil sibh‐se ’n‐bhúr gcómhnaidhe anois:


D’á bhrigh sin, Tagaidh amach as a lár, Agus bidhidh ar deaghailt, Adeir an Tighearna, Agus ná bíodh aon bhaint agaibh leis an rud neamh‐ghlan; Agus glacfad chugam sibh,


Tré chreideamh Abracham, nuair fuair sé an ghairm, d’umhluigh sé agus d’imthigh sé amach go h‐áit do bhí le fágháil aige mar oidhreacht ’n‐a dhiaidh sin; agus d’imthigh sé amach, gan a fhios aige cá raibh a thriall.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí