Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 26:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 go bhfuil ár ndá threibh déag ag súil leis, ag déanamh seirbhíse do Dhia go dúthrachtach, de ló agus d’oidhche. Agus is i dtaobh an dóchais seo, a rí, go bhfuil na h‐Iúdaigh ’gam’ chionntú!

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 a bhfuil dóchas ag ár dhá dtreibh déag lena fháil, agus iad ag adhradh Dé go dúthrachtach oíche agus lá. Agus is i dtaobh an dóchais sin atáthar do mo chúiseamh, a Rí!

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

7 Agus tá súil ag ár ndá threibh dhéag leis, agus iad ag déanamh seirbhíse lá agus oidhche. Agus is fá’n dóchas sin, a rí, atá na h-Iúdaigh ag cur i mo leith.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Ré a bhfuil súil ag ar nda threibh dhéugne, ag déanamh seirbhíse do Dhía do ló agus dóidhche go gnáthach. Is do tháobh an dóthchais sin, a rí Agrippa, eilighid na Iúdaighe misi.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

7 An gheallamhaint sin go bhfuil an dá threibh déag againn, atá ann, ag déanamh réir Dé do ló agus d’oidhche, ag brath ar í dh’fhagáil. Isí an mhainighin sin atá ag na Iúdaígh ’á chur am leith-se, a rí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Tá an dá threibh déag againn ag adhradh go dúthrachtach de lá agus dʼoíche le súil go mbainfimid amach an gealltanas sin. Is mar gheall ar an dóchas sin, a rí, atáim-se do mo chiontú ag na Giúdaigh.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 26:7
19 Tagairtí Cros  

Agus dubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, nuair shuidhfeas Mac an Duine i gcathaoir a ghlóire, san aith‐gheineamhain, sibh‐se do lean mé, suidhfidh sibh ar dhá chathaoir déag, ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


Agus féach, do bhí i nIarúsalem fear darbh ainm Simeon; agus do bhí an fear so fíréanta, diadha, agus é ag súil le sólás Israel: agus do bhí an Spiorad Naomh air.


chum go n‐íosfaidh agus go n‐ólfaidh sibh ar mo bhórd‐sa im’ ríoghacht; agus go mbéidh sibh ’n‐bhúr suidhe ar righ‐chathaoireachaibh ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel.


D’á bhrigh sin bidhidh ag faire, agus tabhraidh chum bhúr gcuimhne nár scuireas de lá ná d’oidhche, ar feadh trí bliadhan de theagasc do thabhairt daoibh le deoraibh.


agus go bhfuil muinighin agam as Dia, fá mar tá aca‐san féin, go dtiocfaidh aiséirghe na bhfíréan agus na neimh‐fhíréan.


Measaim gur maith an bhail orm, a rí Agrippa, go bhfuil orm mo chosaint féin id’ láthair indiu ar na neithibh go léir atá curtha ag na h‐Iúdachaibh im’ leith:


go h‐áirithe go bhfuil lán‐eolas agat ar gach gnáth‐nós agus ar gach ceist bhaineas leis na h‐Iúdachaibh: uime sin impidhim ort éisteacht go foighdeach liom.


Ar an adhbhar sin thugas cuireadh dhaoibh go bhfeicfeadh sibh mé agus go labharfainn‐se libh: óir is ar son dóchais Israel atáim ceangailte leis an slabhradh so.


le súil go n‐éireochadh liom, ar chor ar bith, an aiséirghe ó na marbhaibh do rochtain.


ag guidhe go díoghraiseach dúinn d’oidhche agus de ló go bhfeicfimíd bhur n‐aghaidh, agus go gcuirfimíd bárr ar a bhfuil i n‐easnamh ar bhur gcreideamh.


Bean atá ’n‐a baintreabhaigh dá ríribh, agus í fágtha ’n‐a h‐aonar’ cuireann sí a muinighin as Dia, agus leanann sí d’athchuingheachaibh agus d’urnaighthibh d’oidhche agus de ló.


Séamas, seirbhíseach Dé agus an Tighearna Íosa Críost, chum an dá threibh dhéag atá ar deoraidheacht, beatha agus sláinte.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí