Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 26:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus anois atáim im’ sheasamh annso dom’ chionntú fá’n dóchas go gcóimhlíonfaidhe an gheallamhain thug Dia d’ár sinnsearaibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Agus anois táim i mo sheasamh anseo agus cúirt á cur orm i dtaobh an ghealltanais a rinne Dia dár sinsir,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus anois is mar gheall ar dhóchas na geallamhna a thug Dia dár n-aithreacha a sheasaim faoi bhreitheamhnas:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus a nois seasuim ar mbeith dhamh dom éiliughadh tré dhóthchus na geallamhna do rinne Día dár naithribh:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus tá breith ’á thabhairt orm anois mar gheall ar an mainighin atá agam as an ngeallamhaint a thug Dia d’ár n-aithreachaibh,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Agus is mar gheall ar an dóchas atá agam leis an ngealltanas a thug Dia dár sinsir atáim ar mo thriail anseo anois.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 26:6
59 Tagairtí Cros  

Acht nuair thug Pól fá deara gur Shaddúcínigh cuid aca, agus gurbh Fhairisínigh an chuid eile, do ghlaodh sé amach i lár na h‐árd‐chómhairle, Is Fairisíneach mise, mac Fairisínigh: is mar gheall ar shúil bheith agam le h‐aiséirghe na marbh atáim ar mo thriail.


agus go bhfuil muinighin agam as Dia, fá mar tá aca‐san féin, go dtiocfaidh aiséirghe na bhfíréan agus na neimh‐fhíréan.


muna mbéadh an t‐aon fhocal amháin do ghlaodhas amach agus mé im’ sheasamh ’n‐a measc, Is é aiséirghe na marbh an cheist go bhfuil breith ’n‐a taobh d’á tabhairt orm os bhúr gcómhair indiu.


Cad chuige a measann sibh gur dí‐chreidte an nidh go n‐aithbhcodhann Dia na mairbh?


Ar an adhbhar sin thugas cuireadh dhaoibh go bhfeicfeadh sibh mé agus go labharfainn‐se libh: óir is ar son dóchais Israel atáim ceangailte leis an slabhradh so.


Na fáidhe go léir ó Shamúel anuas, agus iad‐san do lean ’n‐a dhiaidh, an méid díobh do labhair, d’fhógradar na laethe sin.


Óir adeirim go raibh Íosa Críost ’n‐a sheirbhíseach ag lucht an timcheall‐ghearrtha, chum fírinne Dé do chruthú, chum go ndaingneochadh sé na geallamhnacha tugadh do na sinnsearaibh,


acht nuair tháinig an t‐am, do chuir Dia uaidh a Mhac, tugadh ó mhnaoi, rugadh fá’n dlighe,


ag fanamhain le dóchas beannuighthe agus le taisbeánadh glóire an Dé mhóir agus ár Slánuightheora Íosa Críost;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí