Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 21:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus nuair fuaramar na deisceabail, d’fhanamar annsin seachtmhain: agus do bhíodar g‐á rádh le Pól tríd an Spiorad, gan cos do chur i nIarúsalem.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Chuamar ar thuairisc na ndeisceabal ansin, agus dʼfhanamar seacht lá acu. Thug siad rabhadh ó bhéal an Spioraid á rá le Pól gan dul ar aghaidh go hIarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus ó fuaireamar deisciobail annsin, d’fhanamar ann seachtmhain: agus dubhairt siad-san le Pól tríd an Spiorad, gan dul suas go h-Ierusalem.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus ar bhfagháil deisciobal ann sin duinn, dfanamair seachdmhuinn ann: agus dubhradar ré Pól trés an Spioraid, gan dul súas go Hiarusalém.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Fuaramair deisgiobuil sa n-áit sin agus d’fhanamair ann seacht lá, agus bhíodar, tríd an spioraid, ghá rádh le Pól gan dul suas go Ierúsalem.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Fuaireamar roinnt deisceabal agus dʼfhanamar ann ar feadh seachtaine. Dúirt na deisceabail sin le Pól faoi luí an Spioraid gan dul go hIarúsailéim.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 21:4
11 Tagairtí Cros  

Agus cibé cathair nó baile beag ’n‐a rachaidh sibh isteach, cuiridh tuairisc deagh‐dhuine ann; agus fanaidh annsin nó go raibh sibh ag imtheacht.


agus nuair fuair sé é, thug sé leis go h‐Antuaigh é. Agus ar feadh bliadhna do ghnáthuigheadar cómhluadar na h‐eaglaise, agus thugadar teagasc do mhórán daoine; agus thárla gur i nAntuaigh tugadh Críostaidhthe ar dtús ar na deisceablaibh.


Agus thárla, le linn Apollós bheith i gCorinnt, go dtáinig Pól go h‐Eiféis, tar a éis dó dul tríd an dúthaigh uachtair, agus fuair sé beagán deisceabal annsin:


Agus tháinig i n‐éinfheacht linn cuid de na bráithreachaibh ó Chéasaria, agus thugadar leo Mnasón ó Chuprus, sean‐deisceabal, go rabhamar le bheith ar aoigheacht aige.


Fuaramar bráithreacha annsin, agus d’iarradar orainn fanamhain aca seachtmhain: agus annsin thángamar go dtí an Róimh.


óir taisbeánfad‐sa dhó an mhéid mhór atá le fulang aige ar son m’ainme.


acht ar mbeith san Róimh dhó do chuaidh sé go dícheallach ar mo lorg, agus fuair sé me.


Do bhíos fá anáil an Spioraid lá an Tighearna, agus do chualas an glór taobh thiar díom, mar bhéadh glór stuic,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí