Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 21:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair do bhí scartha againn leo san deireadh, agus an long fá sheol againn, thangamar díreach ar aghaidh go Cós, agus an lá ’n‐a dhiaidh sin go Ródos, agus as sin go Patara:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Scaramar mar sin leo agus chrochamar ár seolta in airde, agus rinneamar caol díreach ar Chós, agus thángamar go Ródés an lá ina dhiaidh sin, agus as sin go Patára.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus thárla, nuair a scaramar leo, gur sheolamar rómhainn, agus tháiniceamar ar chúrsa dhíreach go Cós, agus an lá ina dhiaidh sin go dtí an Róid, agus as sin go Patara.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus tárlá, ar ndealughadh ríusan dúinn, gur sheólamar romhuinn, agus tangamar go díreach go Cóos, agus lá ar na mhárach go Rhódus, agus as sin go Patára.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus nuair á thárla go raibh sgartha againn leó agus sinn ag gluaiseacht fé sheól, thánamair ceann ar aghaidh go Cóos, agus an lá ’n-a dhiaidh san go Rodos, agus as san go Patara.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Dʼfhágamar slán acu agus bhogamar chun bealaigh. Chuamar caol díreach go Cós agus an lá ina dhiaidh sin go Ródas agus as sin go Patara.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 21:1
8 Tagairtí Cros  

Agus nuair do bhí deireadh ráidhte aige, adubhairt sé le Síomón, Buail amach ar an doimhneacht, agus tabhraidh dol eangaighe ag iascach.


Agus tharla, lá de na laethibh sin, go ndeachaidh sé féin agus a dheisceabail isteach i mbád; agus adubhairt sé leo, Téighmís trasna anonn go dtí an taobh eile: agus d’imthigheadar rómpa.


Agus ag dul ar bórd dúinn i luing ó Adramuttium, do bhí d’á seoladh le taobh cósta na h‐Áise, d’imthigheamar ar an bhfairrge, agus Aristárchus, Maiceadónach ó Thessalónica, i n‐éinfheacht linn.


Agus ag imtheacht dúinn ó’n áit sin, do sheolamar ar scáth Chupruis, mar bhí an ghaoth ’n‐ár gcoinnibh.


Acht, a bhráithre, ó thárla go rabhamar scartha libh le tamall, i bpearsain, acht ní i gcroidhe, ba mhóide ár dtnúthán go mór le n‐bhur ngnúis d’fheicsin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí