Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 19:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 agus adubhairt sé leo, Ar ghlacabhar an Spiorad Naomh nuair do chreideabhar? Agus adubheadar leis, Níor ghlacamar, níor chualamar go bhfuil an Spiorad Naomh ann chor ar bith.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus dʼfhiafraigh sé díobh, “An bhfuair sibh an Spiorad Naomh nuair a tháinig sibh chun creidimh?” Agus ar siadsan, “Ní bhfuair, mar níor chualamar riamh fiú go raibh a leithéid de Spiorad Naomh ann.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus dubhairt sé leo: An bhfuair sibh an Spiorad Naomh ó chreid sibh? Acht dubhairt siad-san leis: Ní chualamar oiread agus Spiorad Naomh a bheith ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 A dubhairt sé ríu, Nar ghabhabhuir an Spiorad Náomh ó chreideabhair? Agus a dubhradarsan ris, Ní chúalamar a noiread sin féin go bhfuil Spiorad Náomh ann.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Ar ghlacbhúir an Spioraid Naomh ó chreidbhúir? Agus dubhradar-san leis: Ní h-ead ach níor chloiseamair an Spioraid Naomh a bheith ann i n-aon chor.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 agus nuair a dʼfhiafraigh sé díobh an bhfuair siad an Spiorad Naomh nuair a chreid siad, is é freagra a thug siad air: “Níor chualamar fiú amháin an Spiorad Naomh a bheith ann.”

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 19:2
12 Tagairtí Cros  

Acht is i dtaobh an Spioraid do bhí le glacadh aca‐san do chreidfeadh ann, adubhairt sé an méid sin: óir do bhí an Spiorad gan bronnadh fós; de bhrigh go raibh Íosa gan glóiriú fós.


Le linn Peadar bheith ag labhairt na mbriathar sin, do thuirling an Spiorad Naomh ortha‐san do bhí ag éisteacht leis an mbriathar.


Agus nuair do‐chualadar sin, do baisteadh iad i n‐ainm an Tighearna Íosa.


Agus ins na Laethibh deireannacha, adeir Dia, Doirtfead mo Spiorad ar gach feoil: Do‐ghéanaidh bhúr gclann‐mhac agus bhúr gclanninghean tarngaireacht, Agus chífidh bhúr n‐ógánaigh aislingí, Agus béidh taidhbhridhthe ag bhúr seanóiribh:


Óir is mian liom go mór sibh d’fheicsin, ionnas go roinnfinn tíodhlacadh spioradálta éigin libh, chum go neartóchar sibh;


Nach eol daoibh go bhfuil bhur gcorp mar theampall ag an Spiorad Naomh, an Spiorad atá ionnaibh, fuarabhar ó Dhia?


Uime sin an té do‐bheir an Spiorad daoibh, agus do‐ghní míorbhailtí ’n‐bhur measc, an tré oibreachaibh an dlighe, nó tré theachtaireacht an chreidimh do‐ghní?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí