Gníomhartha 18:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)2 Agus fuair sé Iúdach áirithe annsin darbh ainm Aculas, fear rugadh i bPontus, tháinig tamall roimhe sin ó’n Iodáil, mar aon le n‐a bhainchéile Priscilla, de bhrigh gur órduigh Claudius do na h‐Iúdachaibh go léir imtheacht ó’n Róimh: Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)2 Bhuail sé ansin le Giúdach darbh ainm Acuila, as Pontus, a tháinig le gairid aniar ón Iodáil é féin agus a bhanchéile Priscila, ó bhi Claudius tar éis a ordú do na Giúdaigh uile an Róimh a fhágáil. Agus thug sé cuairt ar an lánúin seo; Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara2 Agus ó fuair sé annsin Iúdach áirithe, darbh ainm Aculas, a rugadh san Phontus, agus a tháinic tamall geárr roimhe sin ó’n Iodáil mar aon le n-a mhnaoi Priscilla (ar an adhbhar gur órduigh Cluad do na h-Iúdaigh go h-uile imtheacht as an Róimh) tháinic sé chuca. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Agus fuáir sé Iúdaidhe áirighe ann sin dar bhainm Acuilas, noch rugadh a Bpontus, táinic go déigheanach ó Neadáille, é féin agus a bhean Priscilla; (ar a nadhbhur gur aithin Claudius do na Iúduidhibh uile imtheachd as a Róimh:) agus do chuáidh sé dhá nionnsuighe. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)2 Agus fuair sé sa n-áit sin Iúdach n-ar bh’ainim dó Acuila, fear a rugadh i bPontus agus a bhí tar éis teacht go déanach ó’n Eadáil, agus Priscilla, á bhean (do dheasgaibh a bheith órduighthe ag Claudius do sna Iúdaígh go léir imtheacht ó’n Róimh), agus chuaidh sé ag triall ortha. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20122 Casadh ansiúd air Giúdach darbh ainm Acúbas, fear a rugadh i bPontas agus a bhí tagtha le gairid ón Iodáil, é féin agus a bhean Priscille, de bharr an ordaithe a bhí curtha amach ag Cláidias na Giúdaigh go léir a imeacht ón Róimh. Chuaigh Pól ar cuairt chucu Féach an chaibidil |