Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 17:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Annsin, ag gabháil tré Amfipolis agus tré Apollónia dhóibh, thángadar go Tessaloníca, mar a raibh sionagóg ag na h‐Iúdachaibh:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Anois nuair a bhi Amfipolis agus Apollónia curtha tharstu acu, shroich siad Tesaloníca, áit a raibh sionagóg ag na Giúdaigh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus nuair a chuaidh siad fríd an Aimfiopoil agus an Apallóin, tháinic siad chun na Teasalonaice, mar a raibh sineagóg Iúdach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus ar nimtheachd tré Amphípolis agus tré Apollonia dhóibh, tangadar go Tessalónica, mar a raibh sinagóg ag na Iúduidhibh:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Ansan do shiúbhluíghdar Amphipolis agus Apollónia, agus thánadar go Tesaloníca, áit ’na raibh sinagóg leis na Iúdaígh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Thaistil siad Amfapoil agus an Apallóin agus tháinig go Teasaloinicé, áit a raibh sionagóg leis na Giúdaigh.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 17:1
13 Tagairtí Cros  

Agus thárla i nIcónium go ndeachadar araon isteach i sionagóig na nIúdach, agus gur labhradar ar chuma gur chreid sluagh mór de na h‐Iúdachaibh agus de na Gréagachaibh.


Óir ó’n aimsir i bhfad i gcéin, atá ag Maois ins gach cathair a sheanmóiridhthe féin, agus é d’á léigheadh gach sabóid ins na sionagógaibh.


Agus do chuamar amach an geata lá na sabóide cois abhann, mar ar cheapamar go raibh áit urnaighthe; agus ’n‐ár suidhe dhúinn, do bhíomar ag labhairt leis na mnáibh do bhí cruinnighthe ann.


Agus do chuir na bráithreacha Pól agus Sílas uatha gan mhoill san oidhche, go Beréa: agus ar sroichint dóibh, do chuadar isteach i sionagóig na nIúdach.


Agus bhíodar‐san ní ba uaisle ’ná na daoine do bí i dTessaloníca, agus do ghlacadas an briathar go díoghraiseach, ag cuardach na scrioptúir gach lá d’fhéachain an raibh na neithe sin amhlaidh.


Acht nuair fuair na h‐Iúdaigh i dTessaloníca fios scéil go raibh Pól ag craobhscaoileadh briathair Dé i mBeréa, leis, tháinig siad annsin mar an gcéadna, ag gríosadh agus ag saighdeadh na ndaoine.


Agus do chuaidh ’n‐a chuideachtain chómh fada leis an Áise Sópater Phirris ó Bheréa; agus Aristárchus agus Secundus, Tessalónaigh; agus Gáius ó Dherbé, agus Timóteus; agus Tuchicus agus Trofimus na h‐Áise.


Agus ag dul ar bórd dúinn i luing ó Adramuttium, do bhí d’á seoladh le taobh cósta na h‐Áise, d’imthigheamar ar an bhfairrge, agus Aristárchus, Maiceadónach ó Thessalónica, i n‐éinfheacht linn.


acht sibh‐se amháin; óir i dTesaloníca féin dom do chuir sibh congnamh chugam uair nó dó le h‐aghaidh mo riachtanais.


Pól, agus Silbhánus, agus Timóteus, chum eaglaise na dTesaloníceach i nDia an tAthair, agus san Tighearna Íosa Críost: Grása agus síothcháin daoibh.


acht tar á éis dúinn fulang roimhe sin, agus masla náireach d’fhágháil i bhFilipí, mar tá a fhios agaibh, gur éirigheamar dána ’n‐ár nDia chum soiscéal Dé do sheanmórú dhaoibh i lár toirmisc mhóir.


Pól, agus Silbhánus, agus Timóteus chum eaglaise na dTesaloníceach i nDia ár nAthair agus san Tighearna Íosa Críost:


óir do thréig Démas mé tré ghrádh do’n tsaoghal láithreach so, agus atá sé imthighthe go Tesaloníca; atá Crescens imthighthe go Galátia, agus Títus go Dalmátia.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí