Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 15:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus ar shroicheadh Iarúsalem dóibh, d’fháiltigh an eaglais agus na h‐abstail agus na seanóirí rómpa, agus d’inniseadar tríd síos gach a ndearna Dia tríotha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Nuair a shroich siad Iarúsailéim, chuir an eaglais agus na haspail agus na cruifreacha fáilte rompu, agus dʼfhoilsigh siad a ndearna Dia maraon leo féin.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus ar theacht go h-Ierusalem dóibh, d’fháiltigh an Eaglais agus na h-Abstail agus na seanóirí rompa, agus d’innis siad-san méid na neithe a rinne Dia tríotha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus ar dteachd go Hiarusalém dhóibh, do ghabhadar a neagluis, agus na habsduil agus na sinnsir chuca íad, agus dinniseadarsan méud na nitheann do rinne Día thríothadh.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus nuair a thánadar go Ierúsalem bhí fáilte rómpa ag au eaglais agus ag na h-Aspuil agus ag na seanóiríbh, agus iad ’gá innsint cad iad na neithe móra a bhí déanta ag Dia tríotha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Agus nuair a tháinig siad go hIarúsailéim, chuir an Eaglais agus na haspail agus na seanóirí fáilte rompu, agus dʼeachtraigh siad-san dóibh a mhéad a bhí déanta ag Dia tríothu.

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 15:4
20 Tagairtí Cros  

An té ghlacas sibh‐se glacann sé mise, agus an té ghlacas mise glacann sé an té do chuir uaidh mé.


agus do‐rinneadar sin, g‐á cur chum na seanóir tré lámhaibh Bharnabais agus Shaul.


Agus nuair thángadar, agus do chruinnigheadar an eaglais i gceann a chéile, d’inniseadar gach a ndearna Dia tríotha, agus cionnas mar d’fhoscail sé doras creidimh do na Cineadhachaibh.


Agus d’fhan an chuideachta uile ’n‐a dtost; agus d’éisteadar le Pól agus le Barnabas ag innsin i dtaobh na míorbhal agus na n‐iongantas do‐rinne Dia tríotha féin i measc na gCineadhach.


Agus tar éis aighnis agus conspóide nár bheag do bhí ag Pól agus ag Barnabas leo‐san, do socruigheadh go rachadh Pól agus Barnabas, agus cuid eile aca suas go h‐Iarúsalem chum na n‐abstal agus na seanóir fá’n scéal seo.


Annsin do shocruigh na h‐abstail agus na seanóirí ar dhaoine do thoghadh as a gcuideachtain féin, agus a seoladh go h‐Antuaigh i n‐éinfheacht le Pól agus le Barnabas: ba iad sin Iúdás ar a dtugadh Barsabbas, agus Sílas, fir tosaigh i measc na mbráithreach:


D’imthigheadar, mar sin, agus lucht na h‐eaglaise d’á dtionnlacan, agus do ghabhadar tré Fhoinicia agus tré Shamária, g‐á innsin cionnas h‐iompuigheadh na Cineadhacha: agus do chuireadar áthas mór ar na bráithreachaibh go léir.


Annsin tháinig na h‐abstail agus na seanóirí i gceann a chéile leis an scéal do bhreathnú.


Agus san tsiubhal dóibh tríd na cathrachaibh, thugadar dóibh le coimhéad na reachta do‐rinne na h‐abstail agus na seanóirí do bhí i nIarúsalem.


Agus nuair do cheap sé imtheacht go h‐Acháia, thug na bráithreacha meisneach dhó, agus do scríobhadar chum na ndeisceabal g‐á iarraidh ortha a ghlacadh: agus nuair tháinig sé, thug sé congnamh mór dóibh‐sean do chreid tré ghrása:


Agus ar dteacht go h‐Iarúsalem dúinn, do bhí fáilte mhór ag na bráithreachaibh rómhainn.


Agus nuair do bhí beannuighthe aige dhóibh, d’innis sé dhóibh i ndiaidh a chéile gach a ndearna Dia i measc na gCineadhach de bhárr a sheirbhíse.


Óir ní leomhfad labhairt acht ar na neithibh do‐rinne Críost thríom‐sa, chum na Cineadhaigh do dhéanamh umhal, le briathraibh agus le gníomharthaibh, tré chumas mór‐chómharthaí agus iongantaisí,


Uime sin gabhaidh chugaibh a chéile, do réir mar ghabh Críost sibh‐se, chum glóire Dé.


Acht is tré ghrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnadh orm, ní fríth gan éifeacht é; acht is mó an saothar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: gidh nach mise do‐rinne, acht grása Dé do bhí liom.


is é sin, go raibh Dia i gCríost ag réidhteach an tsaoghail leis féin, gan cionnta na ndaoine do chur ’n‐a leith: agus thug sé dhúinn briathar an réidhtigh.


Agus ag obair i n‐éinfheacht leis dúinne, impighmíd oraibh gan grása Dé do ghlacadh go díomhaoin.


Beannuigheann Aristárchus, cómh‐phríosúnach liom, beannuigheann seisean daoibh, mar aon le Marcus, col ceathair Bharnabais (go bhfuair sibh órduighthe ’n‐a thaobh;


Má thig aoinneach chugaibh gan an teagasc so do thabhairt leis, ná glacaidh isteach ’n‐bhur dtigh é, agus ná beannuighidh dhó:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí