Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 13:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Acht Saul, go bhfuil Pól mar ainm air, leis, do bhí sé lán de’n Spiorad Naomh, agus ag féachain go géar air,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Ach bhí Sáúl, dá ngairtear Pól freisin, á líonadh leis an Spiorad Naomh, agus dʼfhéach sé go grinn san aghaidh air

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

9 Annsin ag dearcadh air do Shaul, dá ngoirtear fosta Pól, agus é lán de’n Spiorad Naomh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Achd ar mbeith do Shául, (da ngoirthear fós Pól,) lán don Spiorad Náomh, ag féuchain air go gér.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

9 Ach bhí Saul, (tá Pól mar ainm air leis), lán de’n Spioraid Naomh, agus d’fhéach sé air

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Ach bhí Sól–is é sin Pól–lán den Spiorad Naomh agus dʼfhéach idir an dá shúil air:

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 13:9
9 Tagairtí Cros  

Óir ní sibh féin labharfas, acht Spiorad bhúr n‐Athar labharfas ionnaibh.


Agus ag féachain dó go feargach ’n‐a thimcheall ortha, agus brón air mar gheall ar chruadhas a gcroidhe, adubhairt sé leis an bhfear: Sín amach do lámh uait. Do shín: agus do leigheasadh an lámh.


Annsin do chuir sé a lámha arís ar a shúilibh, agus d’fhéach seisean suas, agus do bhí sé leigheasta, agus do chonnaic sé gach nidh go soiléir.


Acht do dhearc seisean ortha agus adubhairt sé, Má’s eadh, cad é seo atá scríobhta, An chloch dár dhiúltuigh na saoir, Atá cloch chinn chúinne déanta dhí?


Agus do líonadh iad uile de’n Spiorad Naomh, agus do thionnscnadar labhairt as teangthachaibh éagsamhla, de réir mar thug an Spiorad dóibh labhairt.


Agus nuair do ghuidheadar, do chrioth an áit ’n‐a rabhadar cruinnighthe le chéile; agus do líonadh iad uile de’n Spiorad Naomh, agus do labhradar briathar Dé le dánacht.


Annsin adubhairt Peadar leo, agus é líonta de’n Spiorad Naomh, A riaghlóirí an phobail agus a sheanóirí,


Acht do dhearc seisean go géar suas ar neamh, agus é lán de’n Spiorad Naomh, agus do chonnaic sé glóir Dé, agus Íosa ’n‐a sheasamh ar dheasláimh Dé,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí