Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eabhraigh 11:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Is tré chreideamh thuigmíd gur cumadh an domhan tré bhriathar Dé, ar mhodh nach de neithibh so‐fheicseanacha do rinneadh na neithe dochítear.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Is le creideamh a thuigimid cruthú na cruinne le briathar Dé, ina ndeamadh an sofheicthe den dofheicthe.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 As tré chreideamh thuigmíd gur crúthuigheadh an domhan tré bhréithir Dé, ionnas go ndearnadh neithe sófhaicsigh do na neithibh dófhaícsigh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Trí chreideamh a thuigimid gur cruthaíodh an chruinne trí bhriathar Dé sa chaoi nach as nithe sofheicthe a rinneadh na nithe a fheicimid.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Trí chreideamh tuigimid gur cruthaíodh an chruinne trí bhriathar Dé sa chaoi nach as nithe sofheicthe a rinneadh na nithe a fheicimid.

Féach an chaibidil Cóip




Eabhraigh 11:3
17 Tagairtí Cros  

Is tríd‐sean do rinneadh an uile nidh, agus ’na éagmais‐sean ní dearnadh éinnidh d’á bhfuil ann.


ag liúghadh agus g‐á rádh, A dhaoine, créad do b’áil libh a leithéid sin do dhéanamh? Daoine go bhfuil an nádúir chéadna againn agus atá agaibh féin, is eadh sinne, agus atáimíd ag tabhairt deagh‐scéala dhaoibh, go gcaithfidh sibh iompódh ó na neithibh baotha sin chum Dé bhí, do chruthuigh neamh, agus talamh, agus muir, agus a bhfuil ionnta:


An Dia do‐rinne an domhan agus a bhfuil ann, ó’s é Tighearna neimhe agus talmhan é, ní chómhnuigheann sé i dteampallaibh do‐rinneadh le lámhaibh;


(mar atá scríobhtha, Do‐rinneas athair d’á lán cineadh dhíot), i bhfiadhnaise an té ’n‐ar chreid sé, Dia, do‐bheir beatha do na marbhaibh, agus ghlaodhas ar na neithibh nach bhfuil ann fá mar bhéadh siad ann.


acht labhraimíd eagna Dé ’n‐a diamhar‐rún do bhí fá cheilt, d’órduigh Dia chum ár nglóire roimh thosach an tsaoghail;


óir beannuightear é tré bhriathar Dé agus tré urnaighe.


acht do labhair sé linne ins na laethaibh deireannacha so tré n‐a Mhac, do chinn sé mar oidhre ar a bhfuil ann, tré n‐ar chruthuigh sé an domhan, leis.


agus do bhlais deagh‐bhriathar Dé agus cumhacht an tsaoghail atá le teacht,


Óir is é is toil leo a dhearmad, go raibh na spéartha ann fad ó, agus go raibh domhan ann do rinneadh le briathar Dé d’uisce agus tré uisce:


g‐á rádh, Is fiú thú, a Thighearna agus a Dhia an ghlóir agus an onóir agus an chumhacht d’fhágháil: óir is tú do chruthuigh na h‐uile neithe, agus is ded’ thoil‐se atá siad ann, agus do cruthuigheadh iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí