Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 22:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus féach, atáim ag teacht go luath. Is aoibhinn do’n té choimheádas briathra tarngaireachta an leabhair seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

7 Bíodh a fhios agaibh nach fada uaibh mo theacht.” Is beannaithe a chomhallas briathra thairngreacht an leabhair seo.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Féuch, tigim go lúath: is beannuighe an tí choimhéudas bríathra fáidheadoireachda an leabhairse.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

7 Is ea, féach, is gearr go deimhin go dtiocfaidh mé. Is méanar don té a choinníonn focail fáistine an leabhair seo.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

7 Sea, féach, is gearr go deimhin go dtiocfaidh mé. Is méanar don té a choinníonn focail fháistine an leabhair seo.”

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 22:7
12 Tagairtí Cros  

g‐á rádh, An méid do‐chí tú, scríobh i leabhar é, agus cuir chum na seacht n‐eaglais é; chum Eiféise, agus chum Smiorna, agus chum Pergamum, agus chum Tuatíra, agus chum Sárdis, agus chum Filadelfia, agus chum Laodicia.


Is aoibhinn do’n té léigheas agus do’n dream éisteas le ráidhtheachas na tarngaireachta so, acht gach a bhfuil scríobhtha innti do choimheád: óir ní fada uainn an t‐am.


(Féach, atáim ag teacht ar nós gadaidhe. Is aoibhinn do’n té do‐ghní faire, agus choimheádas a chuid éadaighe, ar eagla go siubhalfadh sé lomnocht, agus go bhfeicfidhe a náire).


Déan aithrighe, d’á bhrigh sin, nó tiocfad‐sa chugat go luath, agus troidfead ’n‐a h‐aghaidh le claidheamh mo bhéil.


Féach, atáim ag teacht go luath; agus atá mo luach saothair liom chum cúiteamh do dhéanamh le gach duine do réir a ndearna sé.


Fógraim do’n uile dhuine chluineas briathra tarngaireachta an leabhair seo, Má chuireann aoinneach tuilleadh leo, go gcuirfidh Dia air‐sean na pláigheanna atá scríobhtha san leabhar so:


agus má bhaineann aoinneach éinnidh de bhriathraibh tarngaireachta an leabhair seo, go mbainfidh Dia dhe a chuid de chrann na beathadh, agus de’n naomh‐chathair, an méid atá scríobhtha san leabhar so.


An té atá ’n‐a fhiadhnaidhe ar na neithibh seo, adeir sé, Is amhlaidh atá: atáim ag teacht go luath. Amen: tar, a Thighearna Íosa.


Go raibh grása an Tighearna Íosa leis na naomhaibh uile. Amen.


Atáim ag teacht go luath; congbhuigh a bhfuil agat, chum nach mbainfidh aoinneach do choróin díot.


Cuimhnigh, d’á bhrigh sin, ar a bhfuarais agus ar a gcualais, agus congbhuigh é, agus déan aithrighe. Acht muna ndéanair faire, tiocfad‐sa ar nós gadaidhe, gan a fhios agat cia an uair thiocfad ort.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí