Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 22:10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus adubhairt sé liom, Ná cuir séala ar bhriathraibh tarngaireachta an leabhair seo; óir atá an t‐am i bhfogas.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 Agus ar seisean liom, “Ná dún briathra thairngreacht an leabhair seo le séala, ó nach fada uaibh an t-am.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 A dubhairt se riom an tan sin, Ná séuluidh bríathra fáidheadóireachda an leabhairse: óir atá a naimsir a lathair.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Agus dúirt sé liom: “Ná cuir séala ar bhriathra fháistine an leabhair seo mar tá an uain in achomaireacht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Agus dúirt sé liom: “Ná cuir séala ar bhriathra fháistine an leabhair seo mar tá an uain in achomaireacht.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 22:10
21 Tagairtí Cros  

An méid adeirim libh sa dorchadas, abraidh‐se sa tsolas é: agus an méid chluineas sibh sa gcluais, craobhscaoilidh ar bhárraibh na dtighthe é.


Agus is eol daoibh an aimsear atá ann fá láthair, gur mithid dúinn dúiseacht ó’n suan: óir atá an slánughadh níos giorra dhúinn ’ná bhí nuair chreideamar ar dtús.


Atá an oidhche imthighthe, nach mór, atá an lá chugainn: cuirimís dínn gníomhartha an dorchadais, agus cuirimís umainn éide an tsolais.


Ná mealladh aoinneach ar aon chuma sibh; óir ní foláir tréigean an chreidimh do theacht ar dtús,


Acht atá deireadh gach éinnidh i gcómhgar: bidhidh céillidhe d’á bhrigh sin, go h‐aireach ’n‐bhur n‐urnaighthibh.


g‐á rádh, An méid do‐chí tú, scríobh i leabhar é, agus cuir chum na seacht n‐eaglais é; chum Eiféise, agus chum Smiorna, agus chum Pergamum, agus chum Tuatíra, agus chum Sárdis, agus chum Filadelfia, agus chum Laodicia.


Is aoibhinn do’n té léigheas agus do’n dream éisteas le ráidhtheachas na tarngaireachta so, acht gach a bhfuil scríobhtha innti do choimheád: óir ní fada uainn an t‐am.


Agus nuair do labhair na seacht dtóirneacha, do bhíos ar tí scríobhadh, agus do chualas an glór ó neamh adubhairt, Cuir séala ar na neithibh adubhairt na seacht dtóirneacha, agus ná scríobh iad.


Atá m’aingeal curtha agam‐sa, Íosa, chum na neithe seo do dhearbhú dhaoibh ins na h‐eaglaisibh. Is mise fréamh agus sliocht Dáibhí, réalta ghlé‐gheal na maidne.


Fógraim do’n uile dhuine chluineas briathra tarngaireachta an leabhair seo, Má chuireann aoinneach tuilleadh leo, go gcuirfidh Dia air‐sean na pláigheanna atá scríobhtha san leabhar so:


An té atá ’n‐a fhiadhnaidhe ar na neithibh seo, adeir sé, Is amhlaidh atá: atáim ag teacht go luath. Amen: tar, a Thighearna Íosa.


Agus féach, atáim ag teacht go luath. Is aoibhinn do’n té choimheádas briathra tarngaireachta an leabhair seo.


Agus adubhairt seisean liom, Seachain, ná déan é: is cóimh‐sheirbhíseach leat‐sa mé, agus led’ bhráithribh, ná fáidhe, agus leis an dream choimheádas briathra an leabhair seo; déan adhradh do Dhia.


Agus i láimh dheis an té do bhí ’n‐a shuidhe san righ‐chathaoir do chonnacas leabhar go raibh scríbhinn san taobh istigh agus ar an taobh amuigh dhe, agus é dúnta fá sheacht séalaibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí