Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 20:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 agus do chuadar suas tar leithead na talmhan, agus d’iomshuidheadar campa na naomh agus an chathair ionmhain: agus tháinig teine anuas ó neamh, agus do shloig sí iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

9 Agus ghluais siad ar aghaidh ar fud agus ar leithead an talaimh gur chuir fáinne timpeall ar fhoslongfort na naomh agus ar an gcathair ionúin; ach thit tine anuas ó neamh a rinne luaith díobh,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

9 Agus do chúadar súas ar leithead na talmhan, agus do thimchiolladar campa na náomh, agus an chaithair ionmhuin: agus táinic teine a núas ó neamh ó Dhía, agus do shluig sí íad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

9 Ghabh siad suas thar chlár na talún, agus chuir siad léigear ar champa na naomh agus ar an muirnín cathrach. Ach tháinig tine ó Dhia anuas ó na flaithis agus dʼalp iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

9 Ghabh siad suas thar chlár na talún, agus chuir siad léigear ar champa na naomh agus ar an muirnín cathrach. Ach tháinig tine ó Dhia anuas ó na flaithis agus d'alp iad.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 20:9
33 Tagairtí Cros  

acht an lá ’n‐ar imthigh Loth amach as Sodom, do thuit cioth teineadh agus ruibhe ó neamh anuas, gur scrios sé iad go léir.


Óir tiocfaidh na laethe ort, ’n‐a dtógfaidh do náimhde móta id’ thimcheall, agus ’n‐a n‐iomshuidhfid thú, agus ’n‐a gcúmhanglóchaid ort ar gach taoibh,


Acht nuair do‐chífidh sibh Iarúsalem agus na sluaighte suidhte i bhfoslongphort ar gach taobh ’n‐a timcheall, bíodh a fhios agaibh an uair sin go bhfuil a bascadh i bhfogas.


Agus nuair chonnaic Séamas agus Eoin, a dheisceabail, sin, adubhradar, A Thighearna, an toil leat go nglaodhfaimís teine do theacht anuas ó neamh, agus iad súd do loscadh?


i lasrachaibh teineadh, ag agairt díoghaltais ar an dream nár chuir eolas ar Dhia, agus ar na daoinibh nach n‐umhluigheann do shoiscéal ár dTighearna Íosa:


D’á bhrigh sin imthighmís amach as an gcampa chuige, ag iomchar a mhasla.


Aoinneach gur mian leis dochar do dhéanamh dhóibh, tagann teine amach as a mbéal, agus slugann sí a náimhde: agus duine ar bith gur mian leis dochar do dhéanamh dhóibh, is ar an gcuma sin marbhóchar é.


Agus ghníonn sé míorbhailtí móra, chum teine féin do tharraing anuas ó neamh ar an talamh i bhfiadhnaise na ndaoine.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí