Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 20:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Acht ní tháinig an chuid eile de na marbhaibh ’n‐a mbeathaidh nó go raibh an míle bliadhain istigh. Is í seo an chéad aiséirghe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Ach níor athbheodh an chuid eile de na mairbh go dtí go raibh an mile bliain istigh. Is é sin an chéad aiséirí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus an chuid eile do na marbhuidh ní búdh béo íad a rís go criochnughadh an mhíle blíadhan. A sí só an chéud eiséirghe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Níor tháinig an t-anam sa chuid eile de na mairbh nó go raibh an míle bliain istigh. É sin an chéad aiséirí.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Níor tháinig an t‑anam sa chuid eile de na mairbh nó go raibh an míle bliain istigh. É sin an chéad aiséirí.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 20:5
9 Tagairtí Cros  

agus béidh beannacht ort; de bhrigh nach bhfuil ar chumas dóibh cúiteamh do dhéanamh leat: óir cúiteochar leat i n‐aiséirghe na bhfíréan.


Óir má’s é réidhteach an tsaoghail tháinig as diúltadh dhóibh, créad bhéas ann, má glactar leo athuair, acht beatha ó na marbhaibh?


le súil go n‐éireochadh liom, ar chor ar bith, an aiséirghe ó na marbhaibh do rochtain.


Óir tiocfaidh an Tighearna ó na flaitheasaibh anuas le gáir, le guth an árd‐aingil, agus le glór stuic Dé: agus is iad na mairbh i gCríost is túisce éireochas:


Agus i gcionn trí lá go leith, do chuaidh spiorad na beathadh tháinig ó Dia ionnta, agus d’éirigheadar ar a gcosaibh; agus tháinig crioth‐eagla mhór ar na daoinibh do chonnaic iad.


Agus do shéid an seachtmhadh h‐aingeal; agus do bhí glórtha móra ar neamh, adubhairt, Is le n‐ár dTighearna, agus le n‐a Chríost ríoghacht an domhain: agus riaghlóchaidh sé go saoghal na saoghal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí