Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 19:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus atá a shúilí ’n‐a lasair teineadh, agus atá a lán coróineach ar a cheann; agus atá ainm scríobhtha air nach aithnid d’aon duine acht dó féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Bíonn a shúile mar bhladhairí tine, agus is iomaí mionn atá ar a cheann; agus tá ainm in inscríbhinn aige nach feasach dʼaon duine ach dó féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus bá cosmhail a shúile ré lasair theineadh, agus do bhádar mórán coróineach ar a cheann; agus do bhí ainm sgríobhtha aige, nár baithne daóineach achd dó féin.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Bladhm thine a shúile, agus ar a cheann tá mórán mionn ríoga, agus tá ainm aige scríofa nach eol dʼaon duine ach dó féin amháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Bladhm thine a shúile, agus ar a cheann tá mórán mionn ríoga, agus tá ainm aige scríofa nach eol d'aon duine ach dó féin amháin.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 19:12
25 Tagairtí Cros  

Atá gach uile nidh tabhartha dhamh‐sa ag m’Athair: agus ní fhuil aithne ag aoinneach ar an Mac, acht ag an Athair; agus ní fhuil aithne ag aoinneach ar an Athair acht ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a fhoillsiú dhó.


Innisidh d’inghin Shíoin, Féach, atá do Rí ag teacht chugat, Go ceannsa, ar muin asail, Agus ar bhromach, searrach asail.


Agus tháinig Íosa chuca agus do labhair sé leo, g‐á rádh, Tugadh dhamh‐sa gach cumhacht ar neamh agus ar talamh.


Atá gach uile nidh tabhartha ag m’Athair damh‐sa; agus ní fhuil a fhios ag aoinneach, acht ag an Athair amháin, cia h‐é an Mac; agus cia h‐é an t‐Athair, acht ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a nochtadh dhó.


Agus ní fhuilim‐se feasta ar an saoghal, agus atáid‐sean, ar an saoghal, agus atáim ag teacht chugat‐sa. A Athair Naomhtha, congbhuigh it’ ainm iad‐san thugais dom, chum go mba aon iad, amhail sinne.


An fhaid do bhíos‐sa ’n‐a bhfochair, do chongbhuigheas it’ ainm‐se iad‐san thugais dom, agus do chosnas iad, agus ní dheachaidh aoinneach aca amugha, acht mac an mhillte, chum go gcoimhlíonfaidhe an Scrioptúir.


i bhfad os cionn gach tighearnais, agus ughdaráis agus cumhachta, agus os cionn gach ainme ainmnightear, ní h‐é amháin san tsaoghal so,


Acht chímíd Íosa, do rinneadh níb’ ísle ’ná na h‐aingle ar feadh tamaill bhig, chímíd i gcoróin na glóire agus na h‐onóra é, toisc an bás d’fhulang, chum, tré ghrása Dé, go mblaisfeadh sé bás ar son gach uile dhuine.


Agus do bhí a cheann agus a ghruaig chómh geal le h‐olainn, chómh geal le sneachta; agus do bhí a shúile mar bhéadh lasair teineadh;


Agus do nochtadh cómhartha eile san spéir; agus féach, dragún mór dearg, go raibh seacht gcloigne agus deich n‐adharca aige, agus do bhí seacht gcoróineacha ar na cloignibh.


Agus do sheasuigh sé ar ghaineamh na mara. Agus do chonnacas ainmhidhe ag teacht aníos as an bhfairrge, deich n‐adharca aige agus seacht gcinn, agus deich gcoróineacha ar a adharcaibh, agus ainmneacha dia‐mhaslaidh ar a cheannaibh.


Agus atá ainm scríobhtha ar a éadach agus ar a cheathramhain, Rí na Righthe, agus Tighearna na dTighearna.


An té bheireas buaidh, déanfad colamhan i dteampall mo Dhé dhe, agus ní imtheochaidh sé amach as go deoidh: agus scríobhfad ainm mo Dhé air, agus ainm cathrach mo Dhé, Iarúsalem nua thig anuas as neamh óm’ Dhia, agus m’ainm nua féin.


Agus do dhearcas, agus féach, capall bán, agus bogha ’n‐a láimh ag an té do bhí ar muin air; agus tugadh coróin dó: agus do chuaidh sé amach ag breith buadha agus an bhuaidh ’n‐a chómhair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí