Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 17:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 agus do bhí ainm scríobhtha ar chlár a h‐éadain, Rúindiamhair, An Bhaibiolón Mhór, Máthair Méirdreach agus Déistin na Talmhan.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 agus bhí ainm rúnda scríofa ar chlár a héadain: “An Bhabalóin mhór, máthair striapacha agus shailíochtaí an domhain.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus ainm sgríobhtha aglár a héudúin, RUINDIAMHAIR, AN BHABILON MHOR, MATHAIR SDRIOPACHAIS AGUS GHRAINEAMHLACHDA NA TALMHAN.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Ar chlár a héadain bhí ainm scríofa: Rúndiamhair: “An Bhablóin Mhór, Máthair Striapacha agus Uafáis an Domhain.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 Ar chlár a héadain bhí ainm scríofa (rúndiamhair é): “An Bhablóin Mhór, Máthair Striapacha agus Uafáis an Domhain.”

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 17:5
18 Tagairtí Cros  

gur ab é a ndamnú a ndeireadh, gur ab é a mbolg a ndia, agus gur ab é a h‐adhbhar maoidhmheachais a náire, dream chuireas a ndúil i neithibh saoghalta.


Óir atá rúindiamhair na míriaghaltachta ag oibriú cheana féin: acht caithfear an té atá ag cur coisc leis do thógáil as an slighe.


rúindiamhair na seacht réalta do chonnacais im’ láimh dheis, agus na seacht gcoinnleoir óir. Is iad na seacht réaltana aingle na seacht eaglais, agus is iad na seacht gcoinnleoirí óir na seacht h‐eaglaisí.


Agus béidh a gcuirp sínte ’n‐a luighe i sráid na cathrach móire ar a dtugtar go spioradálta Sodom agus an Éigipt, mar ar céasadh a dTighearna, chómh maith.


Agus do lean aingeal eile, g‐á rádh, Is í atá tuitthe, tuitthe, an Bhaibiolóin Mhór, thug fá deara ar na cinidheachaibh fíon díbheirge a striapachais d’ól.


Agus do briseadh an chathair mhór ’n‐a trí codachaibh, agus do thuit cathracha na gcinidheach ar lár: agus do chuimhnigh Dia ar an mBaibiolóin mhóir, chum cupán fíona a dhíbheirge móire do thabhairt le n’ól di.


Agus tháinig aingeal de na seacht n‐ainglibh go raibh na seacht soithighe aca, agus do labhair sé liom, g‐á rádh, Gabh i leith, taisbeánfad duit breitheamhnas na méirdrighe móire atá suidhte ar uiscibh iomdha.


Do chleacht righthe an domhain drúis léi, agus do cuireadh lucht áitreabha na talmhan ar meisce le fíon a drúise.


Agus adubhairt an t‐aingeal liom, Cad chuige an t‐iongnadh sin ort? Míneochad‐sa dhuit rúindiamhair na mná agus an ainmhidhe iomcharas í, go bhfuil na seacht gcinn agus na deich n‐adharca aige.


Agus do ghlaodh sé amach de ghuth árd, g‐á rádh, Tuitthe! tuitthe! atá sí tuitthe, an Bhaibiolóin Mhór, agus atá áitreabh deamhan déanta dhi, agus uachais do gach spiorad neamh‐ghlan, agus carcair do gach éan neamh‐ghlan, adhfhuathmhar.


Agus do thóg aingeal tréan‐láidir cloch do bhí cosmhail le cloich mhóir mhuilinn, agus do theilg sé isteach san bhfairrge í, g‐á rádh, Mar seo is eadh leagfar go tréan‐adhbhal Baibilóin, an chathair mhór, agus ní bhéidh sí le fágháil arís go deoidh.


óir is fírinneach, cóir iad a bhreitheamhnaisí óir atá breitheamhnas tugtha aige ar an méirdrigh mhóir do thruailligh an domhan le n‐a striapachas, agus atá díoghaltas déanta aige ar son fola a sheirbhíseach atá doirtthe ag a láimh.


g‐á rádh, Ná déanaidh aon dochar do’n talamh, ná do’n fhairrge, ná do na crannaibh, go dtí go mbéidh séala curtha againn ar chlár éadain ar sheirbhíseachaibh ár nDé.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí