Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 17:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus na deich n‐adharca do chonnacais, agus an t‐ainmhidhe, bhéarfaidh siad fuath do’n mhéirdrigh, agus fágfaidh siad tréigthe, lomnocht í, agus íosaidh siad a feoil, agus dóighfidh siad le teinidh í.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 Agus maidir leis na deich n-adharc a chonaic tú, agus an beithíoch allta, tabharfaidh siad fuath don striapach; agus fágfaidh siad fás folamh fornocht í, agus íosfaidh siad a feoil agus loiscfidh siad chun luaithe í,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus na deich nadhárca do chonnairc tú air a nainmhídhe, biáidh fúath aca don mheirrdrigh, agus fúigfid fásuighe nochduighe í, agus íosuid a feóil, agus loisgfid re teine í.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 Agus na deich n-adharc a chonaic tú, agus an beithíoch, tiocfaidh fuath acu don striapach, agus fágfaidh siad tréigthe lomnocht í; íosfaidh siad a cuid feola agus loiscfidh í féin le tine,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 Agus na deich n‑adharc a chonaic tú, agus an beithíoch, tiocfaidh fuath acu don striapach, agus fágfaidh siad tréigthe lomnocht í; íosfaidh siad a cuid feola agus loiscfidh í féin le tine,

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 17:16
17 Tagairtí Cros  

Agus do nochtadh cómhartha eile san spéir; agus féach, dragún mór dearg, go raibh seacht gcloigne agus deich n‐adharca aige, agus do bhí seacht gcoróineacha ar na cloignibh.


Agus do dhoirt an séamhadh h‐aingeal a shoitheach amach ar an abhainn mhóir Eúfrátes; agus do thiormuigh a h‐uisce, chum bealach do réidhteach do na righthibh ó’n domhan thoir.


agus is seacht righthe iad, leis; atá cúig cinn díobh tuitthe ar lár, atá ceann amháin díobh beo, ní fhuil an ceann eile tagtha fós; agus nuair thiocfas sé, caithfidh sé fanamhain tamall beag.


Agus do chaitheadar luaithreadh ar a gceannaibh, agus do liúghadar, ag caoineadh agus ag déanamh bróin, g‐á rádh, Mo mhairg! mo mhairg! an chathair mhór mar ar éirigh an uile dhuine ag a raibh loingeas ar muir acfuinneach de bhárr a saidhbhris mhóir! óir i n‐aon uair amháin do scriosadh í!


Ar an adhbhar sin, san aon lá amháin, tiocfaidh a pláigheanna, an bás, agus an brón, agus an gorta; agus dóighfear í ar fad le teinidh, óir is láidir é an Tighearna Dia thug breitheamhnas uirthi.


chum feoil na righthe d’ithe, agus feoil na dtaoiseach míleata, agus feoil na ndaoine tréan, agus feoil na gcapall agus na marcach atá ar muin ortha, agus feoil an uile dhuine, idir shaor agus dhaor, idir bheag agus mhór.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí