Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 17:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Agus na deich n‐adharca do chonnacais, is deich righthe iad nach bhfuair ríoghacht fós; acht go‐gheibh siad cumhacht mar righthe, ar feadh uaire, i n‐éinfheacht leis an ainmhidhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Agus na deich n-adharc a chonaic tú, is deichniúr rí iadsan nach bhfuair a ríochtaí go fóill, ach a ghlacfas cumhacht ríúil maraon leis an mbeithíoch allta i rith aon uaire amháin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Agus na deich nadhárca do chonnairc tu as deich ríghthe íad, nar ghabh ríoghachd chuca fós, achd gheabhus cúmhachda chuca mar ríoghuibh a náonúair ris a nainmhídhe.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 Agus na deich n-adharc a chonaic tú, deichniúr ríthe iad nár ghabh ríocht fós, ach tá cumhacht le fáil acu ar feadh aon uaire amháin mar ríthe le cois an bheithígh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

12 Agus na deich n‑adharc a chonaic tú, deichniúr ríthe iad nár ghabh ríocht fós, ach tá cumhacht le fáil acu ar feadh aon uaire amháin mar ríthe le cois an bheithígh.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 17:12
12 Tagairtí Cros  

Agus adubhradh liom, Caithfidh tú tarngaireacht do dhéanamh fós i dtaobh a lán poibleacha, agus cinidheach, agus teangthach, agus righthe.


Agus do nochtadh cómhartha eile san spéir; agus féach, dragún mór dearg, go raibh seacht gcloigne agus deich n‐adharca aige, agus do bhí seacht gcoróineacha ar na cloignibh.


Agus do sheasuigh sé ar ghaineamh na mara. Agus do chonnacas ainmhidhe ag teacht aníos as an bhfairrge, deich n‐adharca aige agus seacht gcinn, agus deich gcoróineacha ar a adharcaibh, agus ainmneacha dia‐mhaslaidh ar a cheannaibh.


Agus na deich n‐adharca do chonnacais, agus an t‐ainmhidhe, bhéarfaidh siad fuath do’n mhéirdrigh, agus fágfaidh siad tréigthe, lomnocht í, agus íosaidh siad a feoil, agus dóighfidh siad le teinidh í.


’n‐a seasamh dhóibh i bhfad uaithi le crith‐eagla mar gheall ar a ciapadh, g‐á rádh, Mo mhairg! mo mhairg! an chathair mhór, Baibiolóin, an chathair thréan! óir i n‐aon uair amháin atá do bhreitheamhnas tagtha ort.


óir i n‐aon uair amháin do scriosadh an mór‐shaidhbhreas úd. Agus gach caiptín luinge, agus gach duine do‐ghní maraidheacht, agus gach fuireann luinge, agus gach dream do‐ghní tráchtáil mara, d’fhanadar ’n‐a seasamh i bhfad uaithi,


Agus do chaitheadar luaithreadh ar a gceannaibh, agus do liúghadar, ag caoineadh agus ag déanamh bróin, g‐á rádh, Mo mhairg! mo mhairg! an chathair mhór mar ar éirigh an uile dhuine ag a raibh loingeas ar muir acfuinneach de bhárr a saidhbhris mhóir! óir i n‐aon uair amháin do scriosadh í!


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí