Apacailipsis (Taispeántadh) 17:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)11 Agus an t‐ainmhidhe do bhí ann, agus nach bhfuil ann, is é an t‐ochtmhadh ceann é, agus baineann sé leis na seacht gceannaibh eile; agus atá sé ar an slighe chum léirscriosta. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)11 Agus maidir leis an mbeithíoch allta sin a bhí ann agus nach bhfuil ann, tá sé sin ar an ochtú rí, ach is leis an seachtar é, agus imeoidh sé chun scriosta. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)11 Agus an tainmhidhe do bhí ann, agus nach bhfuil, a sé fós an tochdmhadh é, agus as don mhóirsheisear é, agus do gheubhuidh a sgrios. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201211 Agus an beithíoch, a bhí ann, agus nach bhfuil, eisean an t-ochtú duine, cé go bhfuil sé ar an seachtar, agus tá sé ar bhóthar a léir-scrios ta. Féach an chaibidilAn Bíobla Naofa 198111 Agus an beithíoch, a bhí ann, agus nach bhfuil, eisean an t‑ochtú duine, cé go bhfuil sé ar an seachtar, agus tá sé ar bhóthar a léirscriosta. Féach an chaibidil |
An t‐ainmhidhe do chonnacais, do bhí sé ann, agus ní fhuil sé ann: agus atá sé le teacht aníos as an duibheagán agus imtheacht chum léirscriosta. Agus béidh iongnadh ar lucht áitreabha na talmhan, ar an méid nach bhfuil a n‐ainmneacha scríobhtha ó thosach an tsaoghail i leabhar na beathadh, nuair chífeas siad an t‐ainmhidhe, de bhrigh go raibh sé ann, agus nach bhfuil sé ann, agus go bhfuil sé le teacht.