Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 15:8 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

8 Agus do líonadh an teampall de dheatach ó ghlóir Dé, agus ó n‐a chumhacht; agus níor fhéad aoinneach dul isteach san teampall nó go raibh deireadh déanta de sheacht bpláigheannaibh na seacht n‐aingeal.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

8 agus bhí an teampall lán de dheatach ó ghlóir agus ó chumhacht Dé, agus níor fhéad aon duine an teampall a thaobhú go dtí go raibh críoch curtha leis na seacht bplá a bhí ag na seacht n-aingeal.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

8 Agus do líonadh an teampoll ré deatuigh ó ghlóir Dé, agus ó na chúmhachduibh; agus níor bhféidir déineach dul a steach don teampoll, nó go rabhadar seachd bplágha na seachd naingeal ar na gcríochnughadh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

8 Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir dʼaon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n-aingeal chun críche.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

8 Agus líonadh an teampall den deatach ó ghlóir Dé agus óna chumhacht; níorbh fhéidir d'aon duine dul isteach sa teampall nó gur tugadh seacht bplá na seacht n‑aingeal chun críche.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 15:8
14 Tagairtí Cros  

Ó nach doimhin é saidhbhreas eagna agus eolais Dé! nach do‐rannsuighthe iad a bhreitheamhnachais, nach do‐lorgtha iad a shlighthe!


dream gheobhas mar phionós léirscrios síorraidhe ó ghnúis an Tighearna, agus ó ghlóir a chumhachta,


Agus do chonnacas cómhartha mór eile ar neamh, cómhartha mór, iongantach, seacht n‐aingle agus seacht bpláigheanna aca, na pláigheanna deireannacha óir is leo‐san cóimhlíontar díbheirg Dé.


agus glóir Dé uirthi. Do bhí a deallramh cosmhail le cloich shár‐luachmhair, mar bhéadh cloch iaspair, chómh soillseach le criostal.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí