Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Apacailipsis (Taispeántadh) 15:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 agus na seacht n‐aingle go raibh na seacht bpláigheanna aca, tháinig siad amach as an teampall, línéadach glan‐úr umpa, agus creasa óir i dtimcheall a n‐ucht ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 agus tháinig seacht n-aingeal na seacht bplá amach as an teampall, agus léinte gléigeala línéadaí orthu go troigh, agus criosanna órga aníos faoina n-uchtanna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus tangadar na seachd naingil amach as an dteampoll, agá rabhadar na seachd bplágha, umá raibh línéudach glan deallruigheach, agus íad ar na gcreasrúghadh ré creasanuibh órrgha a dtimchioll a nochda.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 agus tháinig na seacht n-aingeal leis na seacht bplá amach as an teampall, agus iad feistithe i línéadach glan gléigeal, agus criosa óir faoina n-ucht.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 agus tháinig na seacht n‑aingeal leis na seacht bplá amach as an teampall, agus iad feistithe i línéadach glan gléigeal, agus creasa óir faoina n‑ucht.

Féach an chaibidil Cóip




Apacailipsis (Taispeántadh) 15:6
9 Tagairtí Cros  

Agus tharla, nuair do bhí mearbhall ortha ’n‐a thaobh sin, gur, féach, do sheas beirt fhear ’n‐a n‐aice, agus éadaighe lonnracha ortha:


agus i lár na gcoinnleoir, an duine do bhí cosmhail le Mac an Duine, róba go troigh air, agus crios óir timcheall a uchta.


Agus tháinig aingeal amach as an teampall, g‐á ghlaodhach de ghuth árd chuige‐sean do bhí ’n‐a shuidhe ar an néall, Cuir isteach do chorrán gear, agus bí ag baint: óir atá an t‐am chum bainte tagtha; óir atá fóghmhar na talmhan thar a bheith aibidh.


Agus tháinig aingeal eile amach as an teampall atá ar neamh, agus corrán géar aige‐sean, leis.


Agus do chonnacas cómhartha mór eile ar neamh, cómhartha mór, iongantach, seacht n‐aingle agus seacht bpláigheanna aca, na pláigheanna deireannacha óir is leo‐san cóimhlíontar díbheirg Dé.


Agus tugadh de chéad di í féin do chlúdú le línéadach mín‐gheal, glan‐úr: óir is é an línéadach mín gníomhartha fíréanta na naomh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí